Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Gáinneáil ar Dhaoine - Comhairle agus Cúnamh Dlíthiúil

Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil seirbhísí dlí a bhaineann le cúrsaí áirithe do dhaoine ar aithin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) iad mar “íospartaigh fhéideartha” na gáinneála ar dhaoine faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008.

Níl tástáil acmhainne ná tuillteanas i gceist agus ní gá don iarratasóir ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Cuireann aturnaetha a bhfuil oiliúint shonrach faighte acu i leith saincheisteanna a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine an tseirbhís ar fáil.

Tugann an tseirbhís comhairle tosaigh do dhaoine a aithnítear mar “íospartaigh fhéideartha” na gáinneála ar dhaoine maidir lena gcearta faoin dlí. Cuirtear comhairle dlí ar fáil freisin “d’íospartaigh fhéideartha” na gcoireanna gáinneála ar dhaoine atá ina bhfinnéithe in ionchúisimh a tionscnaíodh faoi fhorálacha sonraithe den Acht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) 2008.

Má tá aon cheist agat maidir leis an tseirbhís seo, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an oifig atá luaite thíos. Ina theannta sin, má cheanglaítear ort mar “íospartach féideartha” teacht i láthair mar fhinné in ionchúiseamh atá le tionscnamh maidir le cúrsaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine, agus má theastaíonn comhairle nó cúnamh dlíthiúil uait, is féidir an fhoirm thíos a úsáid chun clárú leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil maidir le d’iarratas ar sheirbhísí dlí den chineál sin.

Ní mór í a chomhlánú agus a sheoladh a luaithe is féidir chuig an seoladh seo a leanas – 

An Bord um Chúnamh,
An tAonad um Gháinneáil ar Dhaoine / um Thacaíocht Riaracháin,
48/49 Sráid Brunswick Thuaidh 
Lána Sheoirse
Baile Átha Cliath 7

Saorghlao: 1800 238343.

Teileafón: (01) 6469600.

Facs: (01) 6710200