Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Neamhniú

Sa bhileog seo ciallaíonn an téarma ‘páirtithe’ fear céile agus bean chéile i bpósadh, nó na páirtithe sibhialta.

Ciallaíonn an téarma ‘páirtí’ an fear céile nó an bhean chéile, nó ceachtar den bheirt pháirtithe sibhialta.

Cad is brí le neamhniú?

Ciallaíonn neamhniú go gcaitear le pósadh nó páirtnéireacht shibhialta faoi mar nár tharla sé riamh sa chás gurbh ann do locht nó do chol éigin ag am an phósta nó ag an am ar cláraíodh an pháirtnéireacht shibhialta.

Conas is féidir liom mo phósadh nó mo chomhpháirtíocht shibhialta a neamhniú?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt chun ordú neamhnithe a fháil maidir le pósadh nó páirtnéireacht shibhialta.

Cén tionchar atá ag ordú neamhnithe maidir le pósadh nó páirtnéireacht shibhialta?

Is é éifeacht an ordaithe sin ná nárbh ann riamh don phósadh nó don pháirtnéireacht shibhialta sin ar chor ar bith i súile an Stáit.

Cad iad na forais lena ndeonóidh cúirt ordú neamhnithe?

Féadfaidh cúirt ordú neamhnithe a dheonú ar na forais seo a leanas:

  • easpa acmhainne: ní raibh ar chumas na bpáirtithe a chéile a phósadh ná páirtnéireacht shibhialta a dhéanamh mar gheall, mar shampla:
    • go raibh páirtí amháin pósta le duine éigin eile, nó i bpáirtnéireacht shibhialta le, duine éigin eile, cheana ag am an phósta;
    • go raibh páirtí amháin faoi bhun ocht mbliana déag d'aois agus ní raibh cead cúirte aige nó aici; nó
    • i gcás páirtnéireachtaí sibhialta, mura raibh na páirtithe den ghnéas chéanna;

  • easpa toilithe: níor thug duine amháin de na páirtithe aontú iomlán, saor, eolasach i leith an phósta/ na páirtnéireachta sibhialta mar shampla:
    • thug páirtí a c(h)omhaontú don phósadh/ don pháirtnéireacht shibhialta faoi fhórsa, mar shampla, bagairtí tromchúiseacha;
    • thug páirtí a c(h)omhaontú don phósadh/ don pháirtnéireacht shibhialta faoi iomarca tionchair, mar shampla, brú ó thuismitheoir;
    • ní raibh sé ar intinn ag páirtí, tráth an phósta, cuid thábhachtach den chonradh a chomhlíonadh, mar shampla, bhí sé i gceist ag páirtí amháin gan caidreamh gnéis a bheith aige nó aici leis an bpáirtí eile agus ní raibh comhaontú eatarthu i ndáil leis sin; (Ní bhaineann sé seo le páirtnéireacht shibhialta)
    • bhí duine ina g(h)eilt tráth an phósta/ na páirtnéireachta sibhialta agus dá bhrí sin ní raibh ar a c(h)umas toiliú leis an bpósadh / leis an bpáirtnéireacht shibhialta

  • éagumas: níl ar chumas duine de na páirtithe an gníomh gnéis iomlán a dhéanamh leis an duine eile. Is gá cúiseanna síceolaíocha nó fisiceacha éagumais nach féidir a leigheas, maidir leis an duine eile ar a laghad, a bhunú. (Ní bhaineann an foras sin le páirtnéireachtaí sibhialta);

  • Easpa cumais chun gnáthchaidreamh pósta a bhunú agus a chothabháil: d'fhéadfaí é sin a bhunú sa chás, mar shampla:
    • go raibh máindúlagar nó scitsifréine ar pháirtí amháin, i ngan fhios don pháirtí eile, tráth an phósta;
    • go raibh neamhaibíocht mhór ag gabháil do pháirtí amháin tráth an phósta.
    • I gcás nár sásaíodh na ceanglais maidir le pósadh / páirtnéireacht shibhialta bhailí a chruthú.

Cén éifeacht a bheidh ag ordú neamhnithe orm?

Sa chás ina ndeonaíonn an chúirt ordú neamhnithe:

  • beidh na páirtithe saor le pósadh nó páirtnéireacht shibhialta nua a dhéanamh;
  • ní féidir le ceachtar de na páirtithe cothabháil mar chéile nó mar pháirtí sibhialta, a éileamh ón bpáirtí eile;
  • ní chuirfidh an fhoraithne isteach ar chearta leanaí cleithiúnacha na bpáirtithe; agus
  • ní féidir le ceachtar páirtí scair ó cheart dlí a éileamh in eastát an pháirtí eile.

An féidir liom pósadh arís má tá neamhniú eaglasta faighte agam?

Níl aon seasamh ag neamhnithe eaglasta sa dlí. Sa chás ina n-athphósann tú laistigh den eaglais, ní aithneoidh an dlí an pósadh sin murar deonaíodh ordú colscartha nó ordú neamhnithe i leith do phósadh dlíthiúil.

Cad iad na hiarmhairtí a bhíonn ag pósadh / páirtnéireacht shibhialta a bheith neamhbhailí?

Tá sé i gcoinne an dlí a bheith pósta le, nó i bpáirtnéireacht shibhialta, le níos mó ná duine amháin. Féadfar duine atá pósta le níos mó ná duine amháin a ionchúiseamh as déphósadh. Sa chás nach bhfuil an dara pósadh/ páirtnéireacht shibhialta bailí: ní chaithfear leis na páirtithe mar pháirtithe pósta / i bpáirtnéireacht shibhialta chun críocha íocaíochtaí leasa shóisialaigh;

  • ní féidir leis na páirtithe éileamh a dhéanamh i gcoinne eastáit an pháirtí eile (cé go bhféadfaidís foráil a dhéanamh dá chéile in uacht); agus
  • ní féidir leis na páirtithe cothabháil a éileamh ar a chéile.

Sa chás ina gcliseann ar phósadh neamhbhailí, ní bheidh an chosaint sin a thugann an dlí do chéilí/ pháirtithe sibhialta ag na páirtithe. D'fhéadfadh, áfach, go mbeadh na páirtithe ábalta leas a bhaint as reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh má bhí cónaí orthu le chéile ar feadh sé mhí as an 9 nó 12 mhí seo caite.