Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Uachtanna agus Oidhreacht

Sa bhileog seo ciallaíonn an téarma ‘céile’ fear céile nó bean chéile i bpósadh.

Uacht a dhéanamh

Conas is féidir liom a bheith cinnte, i ndiaidh dom bás a fháil, go gcomhlíonfar mo thoil?

Is féidir le duine a dhéanann uacht bhailí a chinntiú go rachaidh a (h)eastát, faoi réir theorainneacha áirithe, chuig an duine nó na daoine a bheidh ainmnithe san uacht. 

Tagraíonn an focal ‘eastát’ do na sócmhainní atá i seilbh an duine sin ag am a b(h)áis, mar shampla, réadmhaoin, sealúchais agus airgead.

Cad a tharlóidh sa chás nach ndéanaim uacht bhailí? 

Sa chás ina bhfaigheann tú bás gan uacht bhailí a bheith déanta agat, roinnfear d’eastát de réir rialacha atá leagtha síos i reachtaíocht.

An bhfuil aoisteorainn i gceist le haghaidh uacht a dhéanamh?

Ní mór duit a bheith os cionn ocht mbliana déag d’aois.

An féidir le duine a bhfuil mí-eagar meabhrach ag gabháil dó/di, mar shampla, néaltrú, uacht a dhéanamh?

Ní mór duit a bheith slánmheabhrach chun uacht bhailí a dhéanamh. 

An bhfuil aon riachtanas eile ann le haghaidh uacht a dhéanamh?

Ní mór ceanglais fhoirmiúla áirithe a shásamh chomh maith, mar shampla, an ceanglas maidir le finnéithe le huacht. Ós rud é gur deacair uacht a cheartú i ndiaidh duit bás a fháil moltar go láidir duit dul i gcomhairle le haturnae chun d’uacht a dhréachtú duit.

    

Ionadaithe pearsanta

Cé atá freagrach as uacht a láimhseáil thar ceann an éagaigh?

  • Tugann ionadaithe pearsanta éifeacht d’Uacht nó roinneann siad eastát duine a fuair bás gan uacht bhailí a dhéanamh.
  • Ní mór do na hionadaithe pearsanta deonú ionadaíochta a fháil roimh dóibh déileáil le heastát.
  • I gcás ina bhfuil uacht ann, faightear Deonú Probháide
  • Sa chás nach bhfuil aon uacht ann, faightear Deonú Litreacha Riaracháin.

Is é an tIonadaí Pearsanta atá freagrach as gnóthaí an duine éagtha a eagrú agus a shórtáil.

Má tá Uacht ann, ceaptar an tIonadaí Pearsanta lena (h)ainmnithe san uacht mar sheiceadóir. Má tá díthiomnacht i gceist (gan uacht ann) is dóchúil go nglacfaidh an tIonadaí Pearsanta freagracht as ós rud é gur céile an éagaigh é/í nó go bhfuil sé nó sí ar dhuine de na neasghaolta. Tugtar Riarthóir ar an Ionadaí Pearsanta nár ceapadh san Uacht.

Is é atá i gceist le deonú probháide nuair a bhíonn Uacht déanta agus nuair a dhéanann an Seiceadóir nó an tAturnae atá ag obair thar ceann an tSeiceadóra iarratas chuig an Oifig Phrobháide le haghaidh Deonú Probháide. Beifear ábalta eastát (sócmhainní) an éagaigh a dháileadh de réir a (h)Uachta.

  

Cearta céilí/ páirtithe sibhialta

An bhfuil ceart ar bith ag duine pósta nó ag páirtí sibhialta sciar a fháil in eastát a c(h)éile/ p(h)áirtí sibhialta?

I gcoitinne, tá ceart dlíthiúil ag duine scair a bheith aige nó aici in eastát a c(h)éile/a p(h)áirtí sibhialta éagtha.

An bhfuil ceart ar bith ag céile/ páirtí sibhialta sa chás go bhfuil uacht bhailí ann?

Nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a dhéanamh, tá ceart dlíthiúil ag a c(h)éile/p(h)áirtí sibhialta i leith na nithe seo a leanas:

  • leath den eastát, mura bhfuil leanaí ann; nó 
  • aon trian den eastát, má tá leanaí ann.

Féadfaidh céile/páirtí sibhialta rogha a dhéanamh an ceart dlíthiúil a ghlacadh nó an sciar a thugtar san uacht.

  • ní mór don ionadaí pearsanta an ceart sin a chur in iúl don chéile; agus
  • ní mór an rogha sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón uair a chuireann na hionadaithe pearsanta an ceart in iúl don chéile/don pháirtí sibhialta, nó 
  • laistigh de bhliain amháin ó dheonú probháide, cibé ceann acu is déanaí.

An bhfuil ceart ar bith ag céile/ páirtí sibhialta sa chás NACH bhfuil uacht bhailí ann 

Nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a bheith déanta aige nó aici, tá ceart dlíthiúil ag a c(h)éile i leith na nithe seo a leanas:-

  • an t-eastát iomlán mura bhfuil aon leanaí ann; nó
  • dhá thrian den eastát, má tá leanaí ann.

    

Cearta leanaí

An bhfuil cearta ag leanaí sciar a fháil ó uacht a dtuismitheoirí?

  • I gcoitinne,  bhíonn ceart uathoibríoch ag leanbh sciar a bheith aige nó aici in eastát a t(h)uismitheora sa chás ina bhfuair an tuismitheoir sin bás agus uacht bhailí déanta aige nó aici. 
  • Féadfaidh an Ard-Chúirt sciar d'eastát an tuismitheora a dheonú ar leanbh, áfach, sa chás ina gcinneann sí maidir leis an tuismitheoir "gur loic sé ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne”. Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh san Ard-Chúirt laistigh de shé mhí ó dháta deonaithe na probháide.
  • Ní gá do leanbh a dhéanann iarratas den chineál sin a bheith faoi bhun ocht mbliana déag d'aois ná a bheith i gcleithiúnas ar an tuismitheoir ó thaobh airgid de.

An bhfuil cearta ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta sciar a fháil ó eastát a dtuismitheoirí?

Tá na cearta céanna ag uchtleanaí agus ag leanaí tuismitheoirí neamhphósta agus atá ag leanaí tuismitheoirí pósta.

    

Áras an teaghlaigh agus oidhreacht

Cé a thiocfaidh in oidhreacht ar áras an teaghlaigh?

Sa chás ina bhfuil áras an teaghlaigh i seilbh na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta mar chomhthionóntaí, faigheann an céile/páirtí sibhialta marthanach an mhaoin le hoidhreacht go huathoibríoch. Ina ionad sin d'fhéadfadh an céile/páirtí sibhialta marthanach a bheith in ann a éileamh go n-aistreofaí áras an teaghlaigh chuige nó chuici mar chuid dá scair den cheart dlíthiúil.

Féach an nóta thuas maidir le cearta dlíthiúla na gcéilí/na bpáirtithe sibhialta.

Fachtóirí a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta

Tá roinnt fachtóirí ann a mbíonn éifeacht acu ar chearta oidhreachta:-
pósadh - déanann pósadh uacht a chúlghairm mura raibh sé déanta agus an pósadh san áireamh.
comhaontú idirscartha - féadfaidh céilí comhaontú a gceart dlíthiúil a fhoirceannadh maidir le scair a bheith acu in eastát an chéile eile;
idirscaradh breithiúnach-:

  • agus ordú idirscartha bhreithiúnaigh á dhéanamh, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh lena gcuirtear ar ceal ceart dlíthiúil na gcéilí teacht in oidhreacht ó eastát a chéile. 
  • Ní mór don chúirt a bheith sásta go bhfuil foráil leordhóthanach agus réasúnach déanta do chéile sula gcuirfidh sí a c(h)earta ar ceal.
  • Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, tá imthosca áirithe ann inar féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar sciar d'eastát a c(h)éile. Ní mór iarratais den chineál sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón deonú probháide nó ó dheonú litreacha riaracháin maidir leis an eastát sin;

colscaradh – ní céile é nó í duine atá colscartha agus níl aon cheart dlíthiúil aige nó aici scair a bheith aige nó aici in eastát a (h)iarchéile. Mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, áfach, tá imthosca áirithe ann fós inar féidir le duine iarratas a dhéanamh ar sciar d'eastát a (h)iarchéile. Ní mór iarratas den chineál sin a dhéanamh laistigh de shé mhí ón deonú probháide nó ó dheonú litreacha riaracháin maidir leis an eastát sin. Ní féidir le duine a athphósann tar éis colscartha iarratas den chineál sin a dhéanamh; agus
tréigean - d'fhéadfadh nach mbeadh duine a thréig a c(h)éile ar feadh dhá bhliain nó níos mó díreach roimh bhás a c(h)éile i dteideal a scair mar cheart dlíthiúil in eastát a c(h)éile éagtha a fháil.
Cionta coiriúla – bíonn cosc ar dhuine a rinne cionta coiriúla tromchúiseacha i gcoinne an éagaigh a scair mar cheart dlíthiúil a ghlacadh nó iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt go ndéanfaí foráil chuí as an eastát. 

Páirtnéireacht shibhialta a dhíscaoileadh – ní páirtí sibhialta é nó í duine a bhfuil a p(h)áirtnéireacht shibhialta díscaoilte agus níl aon cheart dlíthiúil aige nó aici sciar a bheith aige nó aici in eastát a (h)iarpháirtí sibhialta.

    

    Cáin a íoc ar oidhreacht

    Má bhainim sochar as uacht an gá dom cáin ar bith a íoc? 

    D'fhéadfadh duine a bhaineann sochar as eastát éagaigh a bheith faoi dhliteanas maidir le Cáin Fáltas Caipitiúil.

    • Braithfidh méid na cánach atá iníoctha ar an gcaidreamh a bhí idir an t-éagach agus an duine a bhain sochar as a (h)eastát agus ar luach na hoidhreachta. 
    • Tá díolúintí áirithe ann maidir leis an gceanglas i leith cáin a íoc, mar shampla, níl aon cháin iníoctha faoi láthair ar oidhreachtaí idir céilí nó iarchéilí.
    • Ní mór aon cháin atá iníoctha a íoc laistigh de thréimhse shonrach.
    • Féadfaidh céile marthanach sochar a bhaint as roinnt díolúintí agus faoisimh chánach.
    • Athraíonn na catagóirí díolúine agus faoisimh agus na méideanna ó am go ham.
    • Tá mionsonraí ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim.

       

    Cáin phrobháide

    Cad is cáin phrobháide ann?

    Is éard is cáin phrobháide ann ná an cháin a bhíonn iníoctha ar luach iomlán eastát an éagaigh.

    Cé atá freagrach as cáin phrobháide a íoc?

    Is ar ionadaithe pearsanta atá an fhreagracht maidir leis an gcáin phrobháide a íoc.

      

    An Cheannoifig: 

    An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, 
    Sráid an Chalaidh, 
    Cathair Saidhbhín, 
    Co. Chiarraí. 
    Teil: (066) 947 1000 
    Facs: (066) 947 1035
    Uimh. Íosghlao 1890 615 2000