Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta do Ghearánaigh i gCásanna Éignithe agus i gCásanna Áirithe Ionsaithe Ghnéasaigh

Tagraíonn an téarma ‘gearánach’ sa bhileog seo do dhuine a bhfuil gearán déanta aici nó aici leis na Gardaí faoi éigniú agus/nó ionsaí gnéasach a bhfuil tús curtha le himeachtaí coiriúla ina leith i gcoinne an duine a líomhnaítear a bheith freagrach.

Seirbhísí a chuirtear ar fáil

Soláthraíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dlí agus cúnamh dlíthiúil, .i. ionadaíocht sa chúirt, do ghearánaigh i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh.

Tá dhá sheirbhís dhifriúla ar fáil agus pléitear gach ceann acu as a chéile sa bhileog seo:

1. Seirbhís chomhairle dlí

Tá comhairle dlí ar fáil do ghearánach in ionchúiseamh i leith cionta áirithe gnéasacha, más mian leis nó léi comhairle a lorg faoin ábhar. Ní gá do dhuine ar mian leis nó léileas a bhaint as an tseirbhís seo dul faoi thástáil acmhainne nó ranníocaíocht a dhéanamh leis an mBord le haghaidh na seirbhíse.

2. Seirbhís chúnaimh dhlíthiúil

Tá cúnamh dlíthiúil ar fáil do ghearánach i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh sa chás ina n-ardaíonn duine a bhfuil ceann nó níos mó de na cionta seo a leanas ina leith stair ghnéasach an ghearánaigh roimhe seo:

    • cion éignithe;
    • tromionsaí gnéasach;
    • cabhrú agus neartú le haon duine tromionsaí gnéasach a dhéanamh nó comhairliú d’aon duine ionsaí den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt chun críche go ndéanfaí é; 
    • cabhrú agus neartú le haon duine iarracht tromionsaithe ghnéasaigh a dhéanamh nó comhairliú d’aon duine iarracht den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt chun críche go ndéanfaí í; 
    • duine a ghríosú chun tromionsaí gnéasach a dhéanamh; nó
    • comhcheilg a dhéanamh ceann ar bith de na cionta thuasluaite a dhéanamh.

Ní gá do dhuine a dteastaíonn uaidh nó uaithi an tseirbhís seo a úsáid dul faoi scrúdú acmhainne nó ranníocaíocht a dhéanamh.

Aturnae / abhcóide a chur ar fáil

Ceapfaidh an Bord aturnae agus, más gá, abhcóide chun seirbhísí a chur ar fáil i ngach cás aonair.

Eolas ginearálta maidir leis an dá sheirbhís

Seirbhísí riachtanacha

Seirbhísí riachtanacha, luachmhara is ea iad seo do ghearánaigh i gcásanna éignithe agus i gcásanna áirithe ionsaithe ghnéasaigh. Molann an Bord go ndéanfadh gearánaigh seirbhísí dlí a lorg a luaithe agus is féidir.

Déanfaidh an Bord iarracht aturnae agus/nó abhcóide a ainmniú a luaithe agus is féidir agus ní chuirfear iarratasóirí ar liosta feithimh.
  

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh duine atá ag lorg seirbhísí dlí iarratas a dhéanamh chuig ceann ar bith d’ionaid dlí an Bhoird. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le hiarratas a dhéanamh ar sheirbhísí dlí féach anseo.

An Cheannoifig:

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil,
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Uimhir Íosghlao: 1890 615 2000
Teileafón: (066) 947 1000
Facs: (066) 947 1035