Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Téarmaí agus Coinníollacha

1. Foráiltear san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 (“an tAcht”) gur féidir leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) painéal aturnaetha a chothabháil ar toilteanach iad chun cúnamh agus comhairle dhlíthiúil a sholáthar do dhaoine a fhaigheann seirbhísí dlíthiúla. Ag éirí as achtachán an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 agus as tabhairt isteach an “nóis imeachta shingil”, is amhlaidh atá an Bord tar éis cinneadh chun painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil ar toilteanach iad chun seirbhísí a sholáthar do dhaoine dár dheonaíodh seirbhísí dlíthiúla ón mBord chun críche comhairle agus / nó ionadaíochta i ndáil le hiarratas faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 ar thearmann, ar chosaint choimhdeach agus ar chead fanachta agus i leith gach ábhar a clúdaíodh roimhe seo le Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha um Thearmann agus saincheisteanna gaolmhara. Tabharfar Painéal na gCleachtóirí Príobháideacha um Chosaint Idirnáisiúnta (“an Painéal”) ar an bPainéal féin.

2. Aturnae ar bith a shásaíonn na coinníollacha sa Scéim agus ar mian leo a (h)ainm a chur sa Phainéal; ní mór dóibh iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBord. Ní foláir don aturnae gealltanas a thabhairt, san fhoirm seo chun cloí leis na téarmaí agus coinníollacha anseo, agus le forálacha an Achta nuair a sholáthraítear cúnamh agus/nó comhairle dhlíthiúil.

3. Aon aturnae ar mian leo iarratas a dhéanamh lena gcur sa Phainéal; ní mór dóibh bheith i seilbh deimhnithe cleachta reatha ó Dhlí-Chumann na hÉireann agus ní foláir árachas slánaíochta gairmiúil bheith acu ar leordhóthanach é chun críocha na Scéime. Is ionann an figiúr reatha agus €1.5 milliún d’aon chás amháin, ach féadfaidh an Bord an méid sin a leasú ó thráth go chéile.

4. Caitheann na haturnaetha sa Phainéal na nósanna imeachta d’imréiteach cánach a chomhlíonadh faoi mar a shonraítear i gCiorclán 43/2006 de chuid na Roinne Airgeadais, dar teideal ‘Nósanna Imeachta d’Imréiteach Cánach-Conarthaí san Earnáil Phoiblí’ nó in aon chiorclán mar sin lena leasaítear nó lena n-athchuirtear an ciorclán úd.

5. Beidh an Painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ó 10 Meán Fómhair 2016 nó go dtí dáta éigin nó tréimhse éigin eile faoi mar a chinneann an Bord. Ní foláir don Bhord ina leith sin chun bheith freagrach d’athruithe ar bith eile a fhéadfaidh tarlú sa phróiseas cosanta idirnáisiúnta. Breithneoidh an Bord iarratais lena n-áireamh sa Phainéal ag cibé tráthanna agus a chinneann an Bord ó thráth go chéile.

6. Caitheann rochtain bheith ag aturnaetha sa Phainéal ar shaoráidí ríomhphoist, agus caitheann bogearraí TF bheith acu ar comhoiriúnach iad le bogearraí Microsoft Office chun riarachán éifeachtach agus éifeachtúil na Scéime a chinntiú. Is é beartas an Bhoird ina theannta sin é go gcriptítear an chumarsáid ríomhphoist maidir le cliaint ar mhaithe le cuspóirí slándála. Tá treoracha do léamh agus freagairt na cumarsáide sláine arna seoladh ag an mBord faoi iamh anseo.

7. Táthar ag dúil go bhfeidhmeoidh aturnaetha ar bhealach muiníneach i ndáil le gach cliant le cúnamh dlíthiúil, agus go soláthróidh siad seirbhís a chloíonn leis na Treoracha maidir le hIompar Gairmiúil a eisítear ó thráth go chéile ag Dlí-Chumann na hÉireann.

8. Tá an Bord tiomanta do sholáthar seirbhíse dlíthiúla den scoth dá chliaint, agus soláthróidh sé ó thráth go chéile treoirlínte maidir leis an dea-chleachtas d’aturnaetha sa Phainéal i leith an chur chuige chun glacadh leis ag plé le cúrsaí laistigh de raon na Scéime seo faoi mar a thagraítear dóibh ag Aguisín 3. Bítear ag dúil ó na haturnaetha sa Phainéal go gcloífidh siad go ginearálta leis na Treoirlínte. Féadfaidh an Bord na Treoirlínte a nuashonrú ó thráth go chéile.

9. Caitheann an taithí agus an oiliúint riachtanach sa limistéar bheith ag gach gairmí dlíthiúil a fhostaítear i saothar cosanta idirnáisiúnta.

10. Caithfear nótaí a choinneáil ar comhad i ndáil le gach comhairliúchán agus glao gutháin le cliaint agus caitheann na nótaí úd bheith soléite. Ba cheart go gclóscríobhfaí iad dá mb’fhéidir.

11. Sa chás nach mbíonn an Bord sásta gur soláthraíodh na seirbhísí riachtanacha faoin scéim seo chuig cliant faoi leith, forchoimeádann an Bord an ceart chun páirt-táille nó táille ar bith a íoc leis an aturnae dár atreoraíodh an cás.

12. Bítear ag dúil ó aturnaetha go ndéanfaidh siad gach uile iarracht chun teagmháil a dhéanamh le cliant a atreoraíodh chucu faoin scéim, agus chun gach modh teagmhála is infhaighte dóibh a úsáid nó go bhfaightear an teagmháil de réir mar is féidir. Sa chás nach féidir le haturnae/comhlacht teagmháil a dhéanamh le cliant a atreoraíodh chucu faoin scéim, ba chóir don aturnae/chomhlacht teagmháil a dhéanamh leis an mBord láithreach bonn chun na cúinsí a chur in iúl don Bhord. Bítear ag dúil ó aturnaetha go ndéanfaidh siad cumarsáid éifeachtach leis na cliaint ón tráth a atreoraítear cás chucu nó go ndúntar cás an chliaint agus go gcoinneoidh siad cliaint ar aon eolas i leith gach forbairt i ndáil lena gcásanna.

13. Bítear ag dúil ó chliaint go mbeidh iompar réasúnta acu, mar shampla ach na sonraí teagmhála ba dhéanaí acu a sholáthar don Bhord nó don aturnae, glaonna a fhreagairt agus teacht chuig coinní ag an am agus dáta ainmnithe. Ba cheart d'aturnae/do chomhlacht teagmháil a dhéanamh leis an mBord má mheasann siad go bhfuil cliant le cúnamh dlíthiúil á n-iompar féin go neamhréasúnta.

14. Soláthróidh aturnae sa Phainéal aon eolas a bhaineann leis an duine a fhaigheann cúnamh dlíthiúil don Bhord, lena n-áirítear comhad an cháis má iarrtar é, nó tiomantas ar bith a fhéachann an Bord lena fháil, a theastaíonn ón mBord chun críche an Bord a chumasú chun a fheidhmeanna a scaoileadh faoin Acht. Soláthrófar an t-eolas nó an gealltanas úd laistigh de cheithre lá dhéag ó iarratas ar bith mar é. Coinneoidh na haturnaetha comhaid i leith na ndaoine le cúnamh dlíthiúil ar feadh tréimhse seacht mbliana ó dháta comhlíonta na seirbhísí a údaraítear de bhun an deimhnithe cúnaimh dhlíthiúil.

15. Mar chuid dá thiomantas chun a chinntiú go bhfaigheann a chliaint seirbhís den scoth, athbhreithneoidh an Bord roinnt comhad i leith cliant le cúnamh dlíthiúil ionas go mbeidh sé sásta go bhfuil an t-aturnae sa Phainéal ag soláthar leibhéil seirbhíse iomchuí. Sa chás go n-aithnítear ábhair imní san athbhreithniú i ndáil le soláthar leibhéil seirbhíse iomchuí, féadfaidh an Bord comhaid chliant le cúnamh dlíthiúil ar bith nó iad go léir arna sannadh don aturnae úd a imscrúdú.

16. Féadfaidh an Bord aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal má mheasann sé:

  • go gciallaíonn iompar an aturnae agus iad ag soláthar nó roghnaithe chun seirbhísí dlíthiúla a sholáthar gur mí-oiriúnach é/í; nó
  • go gcuireann a (h)iompar gairmiúil trí chéile é nó í bheith mí-oiriúnach, i dtuairim an Bhoird, chun na seirbhísí úd a sholáthar; nó
  • gur theip ar an aturnae chun cloí leis na Téarmaí agus na Coinníollacha seo; nó
  • nár ghlac an t-aturnae rannpháirt sa Scéim chun leibhéil shásúil, lenar áiríodh ach gan bheith teoranta dá d(h)iúltú ar bhonn rialta chun glacadh le duine le cúnamh dlíthiúil mar chliant nó chun comhairle nó cúnamh dlíthiúil iomchuí a thabhairt do chliant; nó
  • go soláthraíonn an t-aturnae cúnamh nó comhairle dhlíthiúil d’iarratasóir i ndáil le gné amháin dá c(h)ás ach go dteipeann air gan leithscéal maith (ar nós go malartaíonn an cliant aturnae), chun seirbhísí a sholáthar i ndáil lena thuilleadh cúrsaí, mar shampla go bhfeidhmíonn an t-aturnae mar ionadaí an chliaint sa chéadchéim ach nach dtugann comhairle don chliant ná nach bhfeidhmíonn mar ionadaí an chliaint ag céim an achomhairc cé gur mian leis an gcliant an chomhairle nó an ionadaíocht sin a fháil.

17. Má chinneann an Bord chun aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal, fógrófar é sin don aturnae i scríbhinn i leith na bhforas don chinneadh úd. Féadfaidh an t-aturnae, laistigh de thréimhse mí amháin ó dháta an fhógra úd, achomharc a dhéanamh i scríbhinn i gcoinne chinneadh Phríomhfheidhmeannach an Bhoird, ag leagan amach fhorais an achomhairc ina n-iomláine. Féadfaidh an Príomhfheidhmeannach an t-aturnae a chur ar ais sa Phainéal, má bhíonn sé/sí sásta go gcruthaítear an cás dá c(h)ur ar ais sa Phainéal. Ní oibreoidh achomharc ar bith chun fionraíocht ná baint an aturnae den Phainéal a mhoilliú ná a dhiúltú, mura gcinneann an Príomhfheidhmeannach a mhalairt.

18. Na haturnaetha ar mian leo tarraingt siar ón bPainéal; ní mór dóibh a rún chun tarraingt siar a chur in iúl don Bhord i scríbhinn. Tabharfaidh na haturnaetha fógra mí amháin dá rún chun tarraingt siar ón bPainéal. Na haturnaetha a tharraingíonn siar ón bPainéal; ní foláir dóibh gach cás gan réiteach a chríochnú ar atreoraíodh chucu mura dtoilíonn an Bord do thabhairt an ábhair ar ais dó nó dá atreorú chuig aturnae éigin eile.

19. Cothabhálfar an Painéal ar bhunús náisiúnta agus bainfidh ainmneacha gach aturnae leis ar ghlac an Bord lena n-iarratais ar shocrúchán.

20. Leithdháilfear uimhir Chleachtóra Phríobháidigh do gach aturnae ar glacadh lena mballraíocht den Phainéal, ar a dtabharfar Uimhir CP, a chaithfear a lua ar gach comhfhreagras.

21. Beidh feidhm leis an Scéim i ndáil le daoine dár deonaíodh comhairle dhlíthiúil nó dár deonaíodh deimhniú cúnaimh dhlíthiúil ón mBord i leith gach ní ábhartha a chlúdaítear faoin Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, faoi Acht na nDídeanaithe 1996 agus faoin Acht Inimirce 1999 faoi mar a shonraítear sa litir údarúcháin nó sa deimhniú cúnaimh dhlíthiúil arna eisiúint ag an mBord leis an gcliant úd.

22. Is trí na hionaid dlí a dhéanann daoine ag lorg seirbhísí dlíthiúla a gcuid iarratas. Tá an Bord tar éis trí cinn dá n-ionaid dlí a ainmniú (Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath, Teach Seville i nGaillimh agus Teach Ché Pope i gCorcaigh) chun críocha seirbhísí a sholáthar i ndáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus chun na críche coinneáil aturnaetha príobháideacha a údarú ón bPainéal. Is é ceann amháin de na hionaid úd a phróiseálfar iarratas ar bith ar dtús. Sa chás go dteastaíonn deimhniú cúnaimh dhlíthiúil nó deimhniú leasaithe don chéad chéim eile de chás éigin, ba cheart d’aturnae treoracha an chliaint a fháil agus teagmháil a dhéanamh ansin leis an ionad dlí ábhartha chun na críche deimhniú cúnaimh dhlíthiúil nó leasú don deimhniú cúnaimh dhlíthiúil reatha a lorg. Beidh feidhm le forálacha mhír 27 dá éis sin.

Is iad seo a leanas na seoltaí ríomhphoist teagmhála i leith na n-ionad dlí ábhartha:

23. Sa chás gur deonaíodh cúnamh nó comhairle dhlíthiúil agus nach dteastaíonn na seirbhísí a deonaíodh ón gcliant a thuilleadh nó go n-éiríonn siad neamh-incháilithe do na seirbhísí a deonaíodh, ba cheart don aturnae/chomhlacht an t-athrú sna cúinsí a chur in iúl don Bhord láithreach bonn, mar shampla dá mba rud é gur tairgeadh agallamh Cosanta Coimhdí do chliant agus go dtarraingítear siar an tairiscint dá éis sin nó sa chás nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an gcliant.

24. Sa chás go ndeonaítear deimhniú cúnaimh dhlíthiúil d’iarratasóir i ndáil le haon cheann de na cúrsaí a chlúdaítear faoin Scéim seo, féadfaidh an Bord aturnae ón ionad dlí a leithdháileadh nó an duine a atreorú chuig an bPainéal chun aturnae a roghnú ón bPainéal chun feidhmiú thar a gceann. De bharr na srianta géara ama i gcásanna um chosaint idirnáisiúnta, tabharfaidh an Bord cúnamh don chliant sa chás go bhfuiltear ag atreorú cáis chuig aturnae ar an bPainéal, de réir mar is réasúnta, ach aturnae a roghnú ón bPainéal thar ceann an chliaint agus an cás a atreorú chuig an aturnae sin mura ndéanann an cliant iarratas, sula dtarlaíonn an t-atreorú, d'atreorú a c(h)áis chuig aturnae faoi leith sa Phainéal.

25. Fógróidh an Bord nó an duine le cúnamh dlíthiúil don aturnae agus soláthróidh dóibhsean:

  • Dhá chóip den deimhniú cúnaimh dhlíthiúil nó den litir lena n-údaraítear soláthar comhairle dlíthiúla lena dtáscfar ainm an duine le cúnamh dlíthiúil, cineál na n-imeachtaí a údaraítear agus na céimeanna a údaraíodh de chun na n-imeachtaí úd, i dtéarmaí an chaiteachais ar fhinnéithe a d’fhéadfaí a thabhú; agus
  • Foirm Éilimh ar ar cheart uimhir an deimhnithe cúnaimh dhlíthiúil a iontráil. Beidh an deimhniú nó an litir seo mar údarás an aturnae chun cúnamh dlíthiúil a sholáthar don chliant faoin Scéim seo. Ba chóir go gcoinneodh an t-aturnae / comhlacht cóip amháin den deimhniú/litir ar chomhad an chliaint. Ba cheart go mbeadh an dara cóip den deimhniú/litir ceangailte leis an bhFoirm Éilimh i gcomhair íoc na táille agus aon eisíocaíochta, nuair a thagann an cás chun conclúide. Ní féidir seirbhísí dlíthiúla a sholáthar faoin Scéim gan deimhniú cúnaimh dhlíthiúil bailí ná litir lena n-údaraítear soláthar seirbhísí dlíthiúla.

26. Sloinnfear sa deimhniú deonaithe nó sa litir lena n-údaraítear soláthar seirbhísí dllíthiúla lena soláthar don iarratasóir cineál na n-imeachtaí agus na céimeanna a údaraítear de bhun na n-imeachtaí úd.

27. Is bunriachtanas den scéim seo sa chás go bhfostaítear aturnae de bhun aon ábhair a údaraítear faoi dheimhniú cúnaimh dhlíthiúil go gcoinníonn siad orthu ag soláthar seirbhísí i leith gach ábhar eile a údaraítear faoin deimhniú sin. Glactar le mainneachtain chun é sin a dhéanamh gan cúis mhaith mar fhorais do bhaint den Phainéal.

28. Is mar a shonrófar i dTreoirlínte Dea-Chleachtais an Bhoird a bheidh méid na seirbhísí lena soláthar chuig iarratasóir faoin Scéim seo.

29. Is faoin aturnae é chun cibé Eolas faoin tír bhunaidh a fháil agus a mheastar bheith riachtanach don chás. Oibríonn an Bord Ionad Cáipéisíochta do Dhídeanaithe (fón: 01 477 6200) a fhéadfaidh bheith in ann cúnamh a thabhairt i leith soláthar an eolais úd

30. Má mheasann aturnae go dteastaíonn a thuilleadh céimeanna óna dtabhóidh caiteachas chun éileamh an chliaint a phróiseáil, thar agus os cionn na gceann siúd a údaraítear sa deimhniú, mar shampla, go mba cheart tuairisc saineolaí a fháil nó go dteastaíonn finnéithe gairmiúla nó eile, go gcaithfear iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag lorg leasaithe don deimhniú chun an caiteachas sin a thabhú. Ba cheart go soláthrófaí dóthain eolais san iarratas sin, go háirithe i ndáil leis an gcaoi ar dócha go rachaidh an caiteachas breise chun tairbhe chás an chliaint, chun ligean do chinneadh a dhéanamh agus chun an Bord a chumasú chun téarmaí an Achta a chomhlíonadh nuair a bhreithnítear iarratas. Is féidir an t-iarratas a dhéanamh chuig an Aonad Cleachtóirí Príobháideacha trí ríomhphost chuig PPUnit@legalaidboard.ie.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad Cleachtóirí Príobháideacha freisin trí phost nó DX ag an seoladh seo a leanas: An tAonad Cleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Co. Chiarraí, V23 RD36DX 166 004.

31. Áireofar fostú ateangaire, sa chás go mbíonn sé de dhíth i gcás faoi leith, leis an gcead; agus ní gá aon leasú sula ndéantar amhlaidh. Caithfidh an Bord aon chaiteachais taistil a thabhaíonn comhlacht Ateangairí a údarú roimh ré ámh, agus ní féidir ach amháin an comhlacht ateangaireachta a bhfuil conradh ag an mBord leis a fhostú chun na críche sin. Caithfear foirm ateangaire chomhlánaithe a sheoladh chuig an mBord agus chuig an gComhlacht Ateangaireachta i ngach aon chás chun cuspóirí sonrasctha.

32. Beidh deimhniú leasaithe ag teastáil sula bhfostaítear comhlacht aistriúcháin chun cáipéisí a aistriú i gcás faoi leith. Sa chás go soláthraítear deimhniú leasaithe chun na críche sin, ní féidir ach an comhlacht aistriúcháin lena bhfuil conradh ag an mBord a fhostú chun na críche sin. Is féidir an t-iarratas a dhéanamh chuig aonad tacaíocht na Seirbhísí Dlíthiúla ach ríomhphost a sheoladh chuig info@legalaidboard.ie.

33. Ní féidir le haturnae tuairiscí a lorg, finnéithe a fhostú ná costais a thabhú ar bhealach éigin eile ná caiteachais a choigilt seachas mar a údaraítear de bhun deimhnithe nó deimhnithe leasaithe. Is é an Bord amháin a bheidh freagrach as costais nó caiteachais a tabhaíodh sa chás gur ceadaíodh dóibh i scríbhinn roimh ré.

34. Tiocfaidh cinntí leis an mBord chun diúltú d’iarratais ar fhinnéithe gairmiúla nó saineolacha faoi réir na nósanna imeachta athbhreithnithe agus achomhairc ábhartha a fhaightear sna Rialacháin um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta idir 1996 agus 2013 (Rialachán 12).

35. Is ionann an Fhoirm Éilimh (CF1) agus an cháipéis lena mbeidh an t-aturnae i dteideal an táille iomchuí agus aon eisíocaíocht údaraithe a éileamh. Áirítear leis an táille iomchuí aon táille a d’fhéadfaí a íoc le haturnae, agus ní íocfaidh an Bord aon táille breise i leith aon abhcóide a áirithiú. Ba chóir go mbeifí cúramach ag comhlánú na Foirme, óir go seolfar ar ais foirmeacha neamh-chomhlánaithe nó comhlánaithe go míchuí gan íocaíocht.

36. Ba cheart go seolfaí an Fhoirm Éilimh (CF1) chomhlánaithe in éineacht le cóip den Deimhniú sínithe nó den litir údaráis, ar ais chuig an mBord nuair a bheidh na seirbhísí a shonraítear sa deimhniú soláthraithe agus nuair a bheidh an cás cinntithe chuig an tráth a éireoidh táille iníoctha. Is féidir an táille iomchuí a éileamh tar éis gach céim .i. mar a mbíonn céim ar bith faoi mar a leagtar amach i sceidil 1, 2 nó 3 thíos críochnaithe.

37. Sa chás go dtugann an Bord comhairle d’aturnae/chomhlacht éigin go bhfuil ranníocaíocht cúnaimh dhlíthiúil cliaint éigin fós gan íoc; ba chóir go gcinnteodh an t-aturnae/comhlacht go n-íoctar an ranníocaíocht leis an mBord sula soláthraítear seirbhísí dlíthiúla don chliant.

38. Ná gearrtar táille ar bith ar dhaoine le cúnamh dlíthiúil, agus ná iarrtar orthu chun aon táillí, caiteachais, costais ná eisíocaíocht a íoc, seachas i gcomhréir le cibé treoir shonrach agus a eisíonn an Bord i scríbhinn ó thráth go chéile (m.sh. ranníocaíocht an chúnaimh dhlíthiúil). Má thairgeann duine le cúnamh dlíthiúil chun aon airgead breise a íoc le haturnae i gcomhair seirbhísí breise ina gcás-san, ní foláir don aturnae diúltú chun glacadh le haon airgead breise mar sin. Má thairgeann duine le cúnamh dlíthiúil chun airgead breise a íoc as seirbhísí eagrais nó comhlachta éigin eile chun seirbhísí a sholáthar arb ábhartha dá gcás-san iad (m.sh. Tuairisc Spirasi, tuairisc liachta, tuairisc shíciatrach), caitheann an t-aturnae cead a fháil ar dtús ón mBord do sholáthar na seirbhísí úd. Ba cheart don aturnae a dtuairim a sholáthar an dteastaíonn na seirbhísí úd do láithreoireacht cheart an cháis. Ní féidir leis an aturnae glacadh le híocaíocht ón gcliant i leith seirbhísí mar sin ach amháin sa chás gur dhiúltaigh an Bord cead i leith na seirbhísí úd. Caitheann an t-aturnae an Bord a chur ar an eolas i scríbhinn i leith cúinsí sula nglactar le haon íocaíocht mar sin. Ina theannta sin, ná iarrtar ar dhaoine le cúnamh dlíthiúil chun gealltanais a shíniú chun íoc as seirbhísí breise agus beidh gearradh nó glacadh le táillí, caiteachais, costais nó eisíocaíocht breise nó lorg gealltanas chun íoc as seirbhísí breise ina bhforais do bhaint aturnae den Phainéal láithreach bonn.

39. Má chinneann an t-aturnae nó aturnae eile sa chomhlacht céanna chun feidhmiú thar ceann an chliaint úd i gcumas príobháideach, tar éis don chliant iarratas a dhéanamh chuige sin, ach a mbeidh cliant atreoraithe chuig an aturnae sin faoin scéim seo; caithfear fógra a thabhairt don Bhord láithreach bonn.

40. Beidh scála caighdeánach táillí ann (arna leagan amach i Sceidil 1, 2 agus 3 thíos) arb iníoctha iad in aghaidh an cháis le haturnaetha sa Phainéal i gcomhair soláthair sheirbhísí.

41. Sa chás gur éisteadh le roinnt den chás cheana féin, nó gur taisceadh iarratas cheana féin i gcomhair cosanta idirnáisiúnta, stádais dídeanaí, cosanta coimhdí, achomhairc chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe nó chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta, nó go ndearnadh aighneachtaí cheana féin, sula n-atreoraítear an cás chuig an aturnae/gcomhlacht; forchoimeádann an Bord an ceart gan ach cuid den táille a íoc ná mar a bheadh iníoctha murach sin.

42. Beidh na haturnaetha sa Phainéal freagrach as eisíoc aon lóin aistir riachtanaigh chun freastal finnéithe a shlánú, ach beidh siad i dteideal aisíoc aon eisíoca a údaraítear de bhun an deimhnithe nó leasaithe de sin. Má éiríonn sé riachtanach chun táille a íoc as seirbhísí gairmiúla a údaraíodh leis an deimhniú nó le leasú de sin, roimh chinntiú cáis éigin, is amhlaidh a chaithfear foirm Éilimh Eatramhaigh in éineacht leis an mbuntáille a thaisceadh chuig an mBord. Is é an Bord a íocfaidh an táille go díreach leis an duine nó comhlacht ábhartha, agus tabharfar comhairle don aturnae nuair a dhéantar an íocaíocht.

43. Ní bheidh táillí costais iníoctha mar a n-údaraítear dóibh roimh ré. Ní bheidh táillí costais iníoctha ach ag na rátaí ábhartha don iompar poiblí, mura n-aontaíonn an Bord ar a mhalairt, agus ní féidir iad a éileamh ach uair amháin i ndáil le haistear faoi leith. Ní bhíonn costais taistil iníoctha i gceantar Bhaile Átha Cliath. Ní bheidh costais chothabhála iníoctha.

44. Foráiltear in alt 31(4) den Acht:

“I gcás duine lenar chinn an Bord chun cúnamh nó comhairle dhlíthiúil a dheonú -

(a) gur ghlac siad le hainmniúchán aturnae nó gur roghnaigh siad aturnae ó phainéal na n-aturnaetha de bhun fho-alt (1) nó gur deonaíodh seirbhísí aturnae dóibh de bhun iarratais faoi fho-alt (3), nó

(b) gur ghlac siad le hainmniúchán abhcóide de bhun fho-alt (2) nó gur deonaíodh seirbhísí abhcóide dóibh de bhun iarratais faoi fho-alt (3),

féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh chuig an mBord chun fáil réidh le seirbhísí an aturnae nó an abhcóide sin, agus seirbhísí aturnae éigin eile de chuid an Bhoird nó aturnae ó phainéal na n-aturnaetha nó, de réir mar is cuí, (seirbhísí) abhcóide ó phainéal na n-abhcóidí a fháil san ábhar; agus má mheasann an Bord é bheith réasúnta sna cúinsí go léir, féadfaidh sé ceadú don iarratas."

45. Má dhéanann cliant gearán le haturnae faoina f(h)eidhmíocht agus nach féidir aghaidh a thabhairt ar an ngearán chun sástacht an chliaint, ba chóir go n-iarrfaí ar an gcliant chun an gearán a chur i scríbhinn agus ba cheart go seolfaí ar aghaidh chuig an mBord é. Má fhaigheann an Bord gearán ó chliant nó má aithníonn an Bord saincheist éigin leis an bhfeidhmíocht, is amhlaidh a sheolfar cóip den ghearán nó nóta i leith na saincheiste feidhmíochta ar aghaidh chuig an aturnae dá c(h)uid tuairimí. Breithneoidh an Bord an gearán / an tsaincheist feidhmíochta i gcomhréir lena Bhileog Eolais dar teideal “Nós Imeachta um Chúram agus Gearáin Chustaiméirí”, agus i gcomhréir freisin leis na téarmaí agus coinníollacha a fhaightear anseo, lena n-áirítear na haguisíní faoi iamh leis seo.

46. Ní bheidh ní ar bith sna Téarmaí agus Coinníollacha seo ina gcúis le, nó ní fhorléireofar iad de bheith ina gcúis le caidreamh d’fhostóir agus fostaí idir an Bord agus aturnae ar bith sa Phainéal.

Sceideal 1

Sceideal táillí do chásanna tearmainn agus gaolmhara dár atreoraíodh chuig aturnae ó 1 Meán Fómhair 2016 nó go dtí tosú fhorálacha an nóis imeachta aonair de chuid an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015

Táillí i gcomhair cásanna tearmainn (lena n-áirítear aon íocaíochtaí le habhcóide agus cé is moite den CBL) Táille don chéad chliant Táille do chéile* Táille do gach leanbh le cás ar leithligh**
a) Soláthar réamh-cheistneora agus comhairle réamh-agallaimh i ndáil leis an tearmann agus leis an gCosaint Choimhdeach mar a n-atreoraítear an cliant chun an aturnae sula gcomhlánaítear agus sula dtaisctear an cheistneora chuig ORAC lena n-áirítear aighneachtaí réamh-agallaimh agus gach comhairle agus ionadaíocht i ndáil le Baile Átha Cliath III. €500 €300 €100
b) Soláthar comhairle réamh-agallaimh i ndáil leis an tearmann agus leis an gCosaint Choimhdeach mar a n-atreoraítear cliant chun an aturnae tar éis chomhlánú agus thaisceadh an cheistneora chuig ORAC agus sula bhreastalaítear ar agallamh ORAC, lena n-áirítear aighneachtaí réamh-agallaimh agus comhairle agus ionadaíocht ar bith i ndáil le Baile Átha Cliath III. €350 €200 €75
c) Iarratas ar chosaint choimhdeach chuig ORAC. €250 €200 €150
d) Ionadaíocht roimh an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe i ndáil le hachomharc Bhaile Átha Cliath III. €300 €250 €100
e) Achomharc i gcoinne mholadh diúltach ar thearmann sa chéadchéim chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe mar ar fheidhmigh an t-aturnae/comhlacht céann mar ionadaí an chliaint ag céim ORAC mar a mbaineann éisteacht béil leis an achomharc. €300 €250 €100
f) Achomharc i gcoinne mholadh diúltach ar thearmann sa chéadchéim chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe i gcomhair cáis a mbítear á athphróiseáil nó mar nár fheidhmigh an t-aturnae/comhlacht mar ionadaí an chliaint roimhe sin mar a mbaineann éisteacht béil leis an achomharc. €385 €250 €125
g) Achomharc i gcoinne mholadh diúltach ar thearmann chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe i leith na bpáipéar amháin. €190 €140 €75
h) Ionadaíocht roimh an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe sa chás gur taisceadh an t-achomharc sular atreoraíodh an cás chuig an aturnae. Ní bheidh feidhm leis an táille don leanbh ach amháin mar a mbíonnn éisteach béil ar leithligh i ndáil le cás an linbh. €195 €140 €140
i) Achomharc mholadh diúltach i leith cosanta coimhdí chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe €195 €140 €140
j) Iarratas ar chead fanachta chun an Aire Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas
k) Atráthanna Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas
l) Glaonna ar ais Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas
m) Féadfar táille aistarraingthe i leith an mhionteagaisc a íoc faoi réir fhianaise den saothar a rinneadh faoin gcomhad Suas lena leath den táille ábhartha Suas lena leath den táille ábhartha Suas lena leath den táille ábhartha

Nótaí:

* Is ionann an táille do chéile agus an táille is iníoctha mar arb ionann an t-iarratasóir agus an céile nó an páirtí le hiarratasóir éigin eile agus go soláthraíonn an t-aturnae nó comhlacht céanna seirbhísí don bheirt chliant (beidh táille iomlán iníoctha don chéad iarratasóir sna cásanna úd). Sa chás go mbíonn éileamh go hiomlán ar leithligh ann, is féidir an cás a áitiú chuig an mBord i gcomhair íoc na táille iomláine do chás an chéile.

** Is ionann an táille do leanbh le cás ar leithligh agus an táille is iníoctha mar ar leanbh é an t-iarratasóir le hiarratasóir éigin eile le hionadaíocht ón aturnae/gcomhlacht céanna agus go bhfuil cás ar leithligh do thearmann ag an leanbh. Beidh táille iomlán iníoctha mura bhfeidhmíonn an t-aturnae/comhlacht ach amháin mar ionadaí don leanbh agus ní mar ionadaí do cheachtar tuismitheoir.

Ní bheidh feidhm ach amháin le a nó b i leith cás ar bith.
Ní bheidh feidhm ach amháin le e nó f i leith cás ar bith.

Atreoraítear na cásanna a atreoraítear chuig aturnae ó dháta an chomhaontaithe seo ag na rátaí táille thuas. Atreoraítear na cásanna a atreoraíodh faoi chomhaontú roimhe seo ag na táillí a bhí i bhfeidhm faoin gcomhaontú úd.

D’fhéadfadh táille do mhionteagasc aistarraingthe bheith iníoctha faoi réir fhianaise saothair a rinneadh faoin gcomhad, sa chás mar shampla go dtéann cliant chuig aturnae éigin eile nó go n-éiríonn siad dotheagmhála tar éis d’aighneacht(aí) nó achomharc bheith taiscthe thar ceann an chliaint ach sula dtarlaíonn agallamh nó éisteacht an chliaint.

Ní bhíonn táillí iníoctha ar údarúchán seirbhísí ach amháin roimh ré ag an mBord. Ba cheart go ndéanfadh aturnaetha tagairt ina leith sin chuig Alt 22 de na téarmaí agus na coinníollacha seo.

Is féidir an táille iomchuí a éileamh tar éis gach céim bheith tagtha chun críche

Sceideal 2

Sceideal na dtáillí do Chásanna um Chosaint Idirnáisiúnta ar pléadh leo ó dháta tosaithe fhorálacha nóis imeachta aonair an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015

Táillí i gcomhair cásanna (lena n-áirítear aon íocaíochtaí le habhcóide agus cé is moite den CBL) Táille don chéad chliant Táille do chéile* Táille do gach leanbh le cás ar leithligh**
a) Soláthar seirbhísí dlíthiúla sa chéadchéim i ndáil le hiarratas ar Chosaint Idirnáisiúnta (i gcomhair tearmainn agus cosanta coimhdí) lena n-áirítear iarratas ar chead fanachta sa Stát faoi Alt 16 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015. €730 €365 €210
b) Achomharc i gcoinne mholadh diúltach tearmainn agus/nó achomharc i gcoinne mholadh diúltach cosanta coimhdí chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta mar a mbaineann éisteacht béil leis an achomharc. €400 €200 €80
c) Soláthar comhairlí agus ionadaíochtaí chuig an Oifig um Chosaint mar a mbítear ag próiseáil iarratas an chliaint faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III, lena n-áirítear comhairlí i ndáil le hagallamh Airteagal 5 murar tharla an méid céanna go fóill, agus lena n-áirítear aighneachtaí i ndáil le Baile Átha Cliath III de réir mar is cuí. €195 €100 €80
d) Soláthar comhairle, dréachtú fhógra achomhairc agus ionadaíocht ag an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta chun críche achomhairc i gcoinne cinnidh chun an cliant a aistriú chuig dlínse éigin eile an AE de bhun fhorálacha Rialachán Bhaile Átha Cliath III. €300 €150 €80
e) Comhairle, aighneachtaí agus ionadaíocht sa Chúirt Chuarda, ag clúdach gach ábhar i ndáil le haisghairm dearbhaithe stádais dídeanaí nó dearbhaithe cosanta coimhdí faoi alt 52 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015. €600 €300 €80
f) Comhairle, aighneachtaí agus achomharc chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta i ndáil le doghlacthacht iarratais faoi Alt 21 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015. €300 €150 €80
g) Comhairle agus aighneachtaí i ndáil le hachomharc luathaithe faoi Alt 43 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 mura mbíonn éisteacht béil ar bith ann. €250 €175 €80
h) Táille is iníoctha mar a n-éiríonn an cliant dotheagmhála tar éis an chéad chomhairliúchán leis an aturnae sula ndéantar saothar substainteach. €150 €75 €50
i) Atráthanna Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas
j) Glaonna ar ais Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas Ináirithe leis an méid thuas
k) Féadfar táille aistarraingthe i leith an mhionteagaisc a íoc faoi réir fhianaise den saothar a rinneadh faoin gcomhad Suas lena leath den táille ábhartha Suas lena leath den táille ábharthav Suas lena leath den táille ábhartha

Nótaí:

* Is ionann an táille do chéile agus an táille is iníoctha mar arb ionann an t-iarratasóir agus an céile nó an páirtí le hiarratasóir éigin eile agus go soláthraíonn an t-aturnae nó comhlacht céanna seirbhísí don bheirt chliant (beidh táille iomlán iníoctha don chéad iarratasóir sna cásanna úd). Sa chá go mbíonn éileamh go hiomlán ar leithligh ann, is féidir an cás a áitiú chuig an mBord i gcomhair íoc na táille iomláine do chás an chéile.

** Is ionann an táille do leanbh le cás ar leithligh agus an táille is iníoctha mar ar leanbh é an t-iarratasóir le hiarratasóir éigin eile le hionadaíocht ón aturnae/gcomhlacht céanna agus go bhfuil cás ar leithligh do thearmann ag an leanbh. Beidh táille iomlán iníoctha mura bhfeidhmíonn an t-aturnach/comhlacht ach amháin mar ionadaí don leanbh agus ní mar ionadaí do cheachtar tuismitheoir.

Atreoraítear na cásanna a atreoraítear chuig aturnae ó dháta an chomhaontaithe seo ag na rátaí táille thuas. Atreoraítear na cásanna a atreoraíodh faoi chomhaontú roimhe seo ag na táillí a bhí i bhfeidhm faoin gcomhaontú úd.

D’fhéadfadh táille do mhionteagasc aistarraingthe bheith iníoctha faoi réir fhianaise saothair a rinneadh faoin gcomhad, sa chás mar shampla go dtéann cliant chuig aturnae éigin eile nó go n-éiríonn siad dotheagmhála tar éis d’aighneacht(aí) nó achomharc bheith taiscthe thar ceann an chliaint ach sula dtarlaíonn agallamh nó éisteacht an chliaint.

Ní bhíonn táillí iníoctha ar údarúchán seirbhísí ach amháin roimh ré ag an mBord. Ba cheart go ndéanfadh aturnaetha tagairt ina leith sin chuig Alt 22 de na téarmaí agus na coinníollacha seo.

Is féidir an táille iomchuí a éileamh tar éis gach céim bheith tagtha chun críche.

Sceideal 3

Sceideal táillí do chásanna idirthréimhseacha a tionscnaíodh ach nár críochnaíodh roimh thosú fhorálacha an nóis imeachta aonair de chuid an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015

Táillí i gcomhair cásanna tearmainn (lena n-áirítear aon íocaíochtaí le habhcóide agus cé is moite den CBL) Táille don chéad chliant Táille do chéile* Táille do gach leanbh le cás ar leithligh**
a) Soláthar seirbhísí dlíthiúla sa chéadchéim i gcomhréir le Treoirlínte Dea-chleachtais an Bhoird i ndáil le hiarratas ar chosaint choimhdeach agus ar chead fanachta sa Stát faoi fhorálacha idirthréimhseacha an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015. €350 €175 €80
b) Achomharc i gcoinne mholadh diúltach i leith cosanta coimhdí chuig an mBinse Achomhairc um Chosaint Idirnáisiúnta. €195 €100 €80

Nótaí:

Baineann Sceideal 3 le duine ar próiseáladh a n-iarratas ar thearmann agus dár diúltaíodh tearmann sa chéadchéim agus ag céim achomhairc roimh thosú fhorálacha an nóis imeachta aonair den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, a mbreithneoidh an Binse um Chosaint Idirnáisiúnta iarratas an chliaint ar chosaint choimhdeach dá éis faoi fhorálacha an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015.

* Is ionann an táille do chéile agus an táille is iníoctha mar arb ionann an t-iarratasóir agus an céile nó an páirtí le hiarratasóir éigin eile agus go soláthraíonn an t-aturnae nó comhlacht céanna seirbhísí don bheirt chliant (beidh táille iomlán iníoctha don chéad iarratasóir sna cásanna úd). Sa chá go mbíonn éileamh go hiomlán ar leithligh ann, is féidir an cás a áitiú chuig an mBord i gcomhair íoc na táille iomláine do chás an chéile.

** Is ionann an táille do leanbh le cás ar leithligh agus an táille is iníoctha mar ar leanbh é an t-iarratasóir le hiarratasóir éigin eile le hionadaíocht ón aturnae/gcomhlacht céanna agus go bhfuil cás ar leithligh do thearmann ag an leanbh. Beidh táille iomlán iníoctha mura bhfeidhmíonn an t-aturnach/comhlacht ach amháin mar ionadaí don leanbh agus ní mar ionadaí do cheachtar tuismitheoir.

Áirítear leis an táille a íoctar ag céim ar bith athbhreithniú cinnidh ar bith maidir le himpleachtaí JR agus /nó comhairle agus breithniúcháin faoin bhfáth a d’fhéadfaí agóid a thabhairt in aghaidh ordú díbeartha.

Atreoraítear na cásanna a atreoraítear chuig aturnae ó dháta an chomhaontaithe seo ag na rátaí táille thuas. Atreoraítear na cásanna a atreoraíodh faoi chomhaontú roimhe seo ag na táillí a bhí i bhfeidhm faoin gcomhaontú úd.

D’fhéadfadh táille do mhionteagasc aistarraingthe bheith iníoctha faoi réir fhianaise saothair a rinneadh faoin gcomhad, sa chás mar shampla go dtéann cliant chuig aturnae éigin eile nó go n-éiríonn siad dotheagmhála tar éis d’aighneacht(aí) nó achomharc bheith taiscthe thar ceann an chliaint ach sula dtarlaíonn agallamh nó éisteacht an chliaint.

Ní bhíonn táillí iníoctha ar údarúchán seirbhísí ach amháin roimh ré ag an mBord. Ba cheart go ndéanfadh aturnaetha tagairt ina leith sin chuig Alt 22 de na téarmaí agus na coinníollacha seo.

Ní bhíonn an táille iomchuí iníoctha leis an gcleachtóir príobháideach i leith céim faoi leith den chás sa chás gur taisceadh iarratas, aighneacht nó achomharc (cibé ceann is oiriúnach) ar son an chliaint i ndáil leis an gcéim faoi leith nó sa chás gur atreoraíodh an cás chuig an aturnae d’ionadaíocht amháin.

Is féidir an táille iomchuí a éileamh tar éis gach céim bheith tagtha chun críche.