Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Téaramí agus Coinníollacha

1. Ar an 22 Eanáir, 2016 d'fhógair an Rialtas go mbeadh Scéim ann chun cabhrú le daoine atá dócmhainneach, agus a bhfuil riaráistí morgáiste acu ar a n-áiteanna cónaithe, teacht ar chomhairle neamhspleách airgeadais agus dlí. Tá comhordú á dhéanamh ar an Scéim seo ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (ISI), an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (SBCA), an Bord um Chúnamh Dlí ("an Bord") agus an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS).

2. Chun críocha faisnéise, is iad seo a leanas na critéir incháilitheachta maidir le gnéithe na Scéime a bhaineann le Seirbhís Chomhairleach Aturnae (mar a shainmhínítear i mír 18) agus Seirbhís na nAturnaetha ar Dualgas (mar a shainmhínítear i mír 19):

• Tá an duine dócmhainneach (faoi mar atá sainmhínithe in Alt 2 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012: .i. nach bhfuil an t-iasachtaí ‘in ann a fhiacha nó a fiacha a íoc go hiomlán de réir mar a bheidh siad dlite’), agus

• Tá riaráiste morgáiste ag an duine ar an áit ina mbíonn sé nó sí ina g(h)náthchónaí (a ‘p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach’ (PPR) mar a mhínítear le hAlt 2 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012), agus

• Go bhfuil an duine i mbaol an áit chónaithe sin a chailliúint (.i. go bhfuil imeachtaí athshealbhaithe faighte aige nó aici ó iasachtóir an mhorgáiste, litir ina dtugtar le fios go mbeidh imeachtaí den sórt sin a eisiúint, litir ina dtugtar le fios go meastar nach bhfuil sé nó sí ag comhoibriú, nó gur iarradh air nó uirthi machnamh a dhéanamh ar a (h)áit chónaithe a dhíol, a thabhairt suas nó cuid de a chailliúint nó an t-iomlán a chailliúint).

Is iad seo a leanas critéir na Scéime (mar a shainmhínítear i mír 20) maidir le Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIA) na Seirbhíse um Chúnamh Dlíthiúil:

• Go bhfuil an duine dócmhainneach (mar atá sainmhínithe thuas .i. nach bhfuil an t-iasachtaí ‘ábalta a fiacha nó a fhiacha a íoc go hiomlán de réir mar a bheidh siad dlite’), agus

Go bhfuil Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIA) molta ag an duine ach nár cheadaigh an creidiúnaí nó na creidiúnaithe atá aige nó aici é.

• Ar na fiacha a bheadh cuimsithe ag an Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta molta bheadh fiach urraithe ar phríomháit chónaithe an duine (mar a shainmhínítear thuas) a raibh an t-iasachtaí i riaráiste ina leith ar an 1 Eanáir 2015 (nó, tar éis a bheith ina leithéid de riaráiste roimh an dáta sin, rinne an t-iasachtaí socrú aisíocaíochta malartach leis an gcreidiúnaí urraithe ach go bhfuil sé nó sí dócmhainneach fós), agus

• Measann Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta an té sin go bhfuil forais réasúnacha ann chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an Ard-Chúirt (de réir mar is cuí) chun iarratas de bhun Alt 115A den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (arna leasú) a dhéanamh.

Níl duine incháilithe i leith na Scéime má bhíonn na coinníollacha thuas sásta ar bhealach eile, ach go bhfuil an teach díréireach ó thaobh cóiríocht mhaireachtála réasúnach le haghaidh riachtanais an iasachtaí agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe. (Tá na critéir maidir le cad atá réasúnta leagtha amach in Alt 104 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012).

3. Déantar foráil san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta (“an tAcht)” go bhféadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil (“an Bord”) painéal aturnaetha a bhunú agus a chothabháil atá toilteanach cúnamh dlí agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine atá ag fáil seirbhísí dlí.  Chinn an Bord painéal aturnaetha a bhunú agus a choimeád atá sásta seirbhís a chur ar fáil do dhaoine dócmhainneacha atá i riaráiste morgáiste tí cónaithe lena mbaineann an Scéim seo.  Gairfear an "Painéal um Riaráiste Morgáiste Tí Cónaithe" don phainéal (dá ngairtear "an Painéal" sa doiciméad seo ina dhiaidh seo).  

Painéal Aturnaetha

4. Aon aturnae/gnólacht ar mian leis/léi/leo go gcuirfí san áireamh é/í/iad, de réir fhorálacha na dtéarmaí agus coinníollacha seo, maidir lena (h/n-)ainm a chur an an bPainéal, ní mór dó/di/díobh iarratas i scríbhinn a dhéanamh don Bhord. 

5. Ní mór don aturnae/gnólacht gealltanas a thabhairt, san fhoirm ag Aguisín 1, go gcomhlíonfaidh sé nó sí nó siad na téarmaí agus coinníollacha agus forálacha an Achta, agus cúnamh dlí agus/nó comhairle á c(h)ur ar fáil aige/aici/acu.

6. Ní mór deimhniú cleachta reatha ó Dhlí-Chumann na hÉireann a bheith ag aon aturnae/gnólacht ar mian leis/léi/leo iarratas a dhéanamh ar bheith ar an bPainéal agus ní mór árachas slánaíochta gairmiúil a bheith aige/aici/acu atá leormhaith do chríocha na Scéime.  €1.5m is ea an figiúr reatha in aon chás ar leith, ach féadfaidh an Bord an méid sin a athbhreithniú ó am go ham.

7. Ní mór d'aturnaetha/gnólachta ar an bPainéal iad a chomhlíonadh na nósanna imeachta dár teideal 'Nósanna Imeachta Imréitigh Cánach-Conartha Earnála Poiblí' atá sonraithe i gCiorclán 43/2006 de chuid na Roinne Airgeadais nó atá sonraithe in aon chiorclán den sórt sin a chuirfear in ionad an chiorcláin sin.

8. Más mian leat a bheith ar an bpainéal seo beidh ort:

  • taithí le déanaí maidir le seirbhísí dlí i gcásanna athshealbhaithe tí, agus ní mór taithí abhcóideachta os comhair na Cúirte Cuarda a bheith san áireamh i gcásanna den sórt sin; nó o
  • taithí i soláthar seirbhísí dlí maidir le socruithe dócmhainneachta pearsanta.   

Tá sé inmhianaithe go mbeadh taithí ag gach iarratasóir

9. Ni mór rochtain ar aiseanna ríomhphoist a bheith ag aturnaetha/gnólachtaí ar an bPainéal agus ní mór bogearraí TF a bheith acu freisin atá comhoiriúnach le bogearraí Microsoft Office lena chinntiú go riarfar an scéim go héifeachtach agus go héifeachtúil.

10. Sa chás go sáraíonn líon na n-aturnaetha a ghlactar do bhallraíocht ar an bPainéal - ar toilteanach iad chun feidhmiú mar Aturnae Dualgais ag ionad nó ionaid faoi leith de chuid na Cúirte Cuarda - líon na n-aturnaetha a theastaíonn chun ról Aturnae Dualgais a fheidhmiú ag an ionad faoi leith sin den Chúirt Chuarda; forchoimeádann an Bord an ceart chun líon na n-aturnaetha a roghnaítear chun feidhmiú mar Aturnae Dualgais a theorannú. Roghnóidh an Bord, bunaithe ar iniúchadh de na foirmeacha iarratais, toradh an phróisis agallóireachta iomaíoch a ndeachthas ina bhun faoi alt 9 (más ann dó), riachtanais ról an Aturnae Dualgais, agus líon na n-aturnaetha dualgais a theastaíonn, arb iad na cinn a mheasann sé bheith is oiriúnaí dá gceapachán. Ní hin é le rá nach oiriúnach iad na hiarrthóirí eile ar chaoi ar bith, ná nach féidir leo an ról a chomhlíonadh; is amhlaidh a mhalairt go ndealraítear roinnt iarrthóirí, bunaithe ar a n-iarratas, chun bheith níos incháilithe agus/nó le taithí níos ábhartha. Ag brath ar an líon aturnaetha a bhíonn toilteanach chun feidhmiú mar Aturnae Dualgais ag ionaid faoi leith de chuid na Cúirte Cuarda, d’fhéadfaí go gceapfaí aturnae éigin ina nAturnae Dualgais d’iona(i)d áirithe de chuid na Cúirte Cuarda seachas a chéile. Tabharfar “Fo-Phainéal na nAturnaetha Dualgais” ar na baill den phainéal a cheaptar mar Aturnae Dualgais mar thoradh ar an bpróiseas sin.

11. Caitheann aturnae ar bith ar glacadh lena n-iarratas do bhallraíocht den Phainéal, sula gcuirtear a n-ainm ar an bPainéal féin, rannpháirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna arna sholáthar ag an mBord. Ní chuirfear ainm an aturnae sa Phainéal mura mbíonn an Bord sásta gur chríochnaigh an t-aturnae an cúrsa ina iomláine. Cé nach ngearrfar aon mhuirear chun freastal ar an gcúrsa, ní bheidh an Bord freagrach as aon chostais lena n-áirítear taisteal agus cothabháil a thabhaítear ag freastal air. Is ceapachán pearsanta é Ceapachán chuig an bPainéal, agus ní féidir cásanna, ná freagracht Aturnae Dualgais, a aistriú chuig aturnae éigin eile ar an bPainéal gan toiliú neamhbhalbh an Bhoird. Is é an Bord a bhreithneoidh an táille, más ann di, is iníoctha sula n-aontaítear le haistriú.

12. Is faoi chinneadh an Bhoird é an sásaíonn iarratasóir ar bith do bhallraíocht den Phainéal na riachtanais (lena n-áirítear ag an gcúrsa oiliúna) do bhallraíocht ar an bPainéal.

13. Is féidir iarratais ar bhallraíocht den Phainéal a sheoladh ar aghaidh chuig Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36, DX 166 004 CATHAIR SAIDHBHÍN, nó trí ríomhphost chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie

14. Sa chás go sásaítear an líon a theastaíonn ó bhallraíocht an Phainéil nó ó Fho-Phainéal na nAturnaetha Dualgais, is féidir leis an mBord chur a thuilleadh iarratasóirí rathúla leis an bpainéal a chur siar ar feadh chomh fada agus a mheastar bheith riachtanach. Más é cinneadh an Bhoird chun a thuilleadh ainmneach a chur le Fo-Phainéal na nAturnaetha Dualgais is amhlaidh a bhreithneofar iad siúd a glacadh do bhallraíocht an Phainéil agus a léirigh a spéis do bhallraíocht d’Fho-Phainéal na nAturnaetha Dualgais, trí thagairt do dhéanamh dá ndáta iarratais ar bhallraíocht den Phainéal, ar an gcuntar go mbíonn feidhm le forálacha alt 10 de na Téarmaí agus Coinníollacha seo.

15. Beidh an Painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ó 10 Bealtaine 2016 nó go dtí dáta éigin nó tréimhse éigin eile faoi mar a bhreithníonn an Bord. Is féidir leis an mBord, ach fógra mhí amháin a thabhairt do na haturnaetha ar an bPainéal, feidhmiú an Phainéil a fhoirceannadh ag tráth ar bith. Forchoimeádann an Bord an ceart chun na téarmaí agus coinníollacha a athbhreithniú go tréimhsiúil, ag brath ar an taithí den scéim nó i gcomhair cúis ar bith a mheasann sé bheith cuí. Ba chóir go dtabharfaí faoi deara gurb é an rún chun feidhmiú na Scéime a athbhreithniú go foirmiúil sé mhí tar éis di tosú.

16. Caitheann rochtain bheith ag aturnaetha ar an bPainéal ar shaoráidí ríomhphoist, agus caitheann bogearraí TF bheith acu ar comhoiriúnach iad le Microsoft Office chun riarachán éifeachtach agus éifeachtúil na Scéime a chinntiú. Caitheann rochtain bheith acu freisin ar scanóir agus ar na bogearraí leis lenar féidir comhad páipéir a thiontú chun na formáide Adobe PDF. Is é beartas an Bhoird ina theannta sin é go gcriptítear an chumarsáid ríomhphoist maidir le cliaint ar mhaithe le cuspóirí slándála. Tá treoracha do léamh agus freagairt na cumarsáide sláine arna seoladh ag an mBord ar fáil anseo.

16A. Níor cheart go nglacfadh aturnaetha atá ar an bpainéal le hobair ar bith a chuirfeadh isteach ar a gcuid oibre mar bhaill de Phainéal Aturnaetha Abhaile, nó le haon obair a chuirfeadh an chuma sin ar an scéal. Go háirithe, i gcaitheamh a gcuid ama ar an bpainéal, ba cheart go seachnódh aturnaetha treoracha a ghlacadh ó institiúidí iasachtaí i ndáil le himeachtaí athshealbhaithe.

17. Maidir le haturnaetha ar an bpainéal atá ag cur seirbhísí ar fáil de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo cuirfidh siad seirbhís amháin nó níos mó de thrí sheirbhís a chur ar fáil:

  • An tSeirbhís Chomhairliúcháin Aturnae
  • Seirbhís Aturnae ar Dualgas
  • Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlíthiúil

18. Faoin tSeirbhís Chomhairliúcháin Aturnae, beidh ar aturnae ar an bPainéal (ar a dtabharfar "Aturnae Comhairliúcháin" sna téarmaí agus sna coinníollacha seo) comhairliúchán dlíthiúil amháin a chur ar fáil (mar aon le seirbhísí gaolmhara faoi mar atá leagtha amach i mír 26) do dhuine incháilithe i leith dearbhán um chomhairle dlí arna n-eisiúint chuige nó chuici faoin Scéim. I gcúinsí áirithe agus le cead roimh ré ón mBord, is féidir an tseirbhís a leathnú chuig an Aturnae Comhairliúcháin atá ag stiúradh na hidirbheartaíochta i leith na n-imeachtaí athshealbhaithe nó na n-imeachtaí dlíthiúla gaolmhara agus an tseirbhís a leathnú freisin chuig dara comhairliúchán leis an gcliant, lena n-áireofar comhairle a sholáthar i scríbhinn.

19. Beidh sé i gceist leis an tseirbhís a chuirfidh Aturnae ar Dualgas ar fáil a bheidh ina (h)aturnae Painéal ar uainchlár le haghaidh ionad na Cúirte Cuarda (ar a dtabharfar an "Aturnae ar Dualgas" sna téarmaí agus coinníollacha seo) bheith i láthair i bhfoirgneamh na cúirte ar a laghad uair an chloig roimh shuíonna an Chláraitheora Contae chun billí sibhialta seilbhe a éisteacht agus a bheith i láthair fad a mhaireann an éisteacht, nó go ndéanfar gach ábhar a dhiúscairt nó a chur ar atráth ar shlí eile, agus cabhrú le linn na tréimhse sin leis na daoine sin atá incháilithe chun cúnamh a fháil mar atá leagtha amach níos faide thíos. Faoi réir cead ón gCúirt nó ón gCláraitheoir Contae lena mbaineann, táthar ag súil go mbeidh an t-aturnae ar dualgas i láthair os comhair an Chláraitheora Contae agus go labhróidh sé nó sí thar ceann na gcosantóirí, gan cosaint a thaifeadadh ná bheith ar taifead sna himeachtaí.

20. Beidh feidhm ag Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlíthiúil i gcás duine nó daoine dar deonaíodh deimhniú um chúnamh dlíthiúil arna n-eisiúint ag an mBord maidir le hionadaíocht sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt in imeachtaí i gcomhair athbhreithniú cúirte ar shocrú dócmhainneachta pearsanta molta ar dhiúltaigh a chreidiúnaithe nó a creidiúnaithe dó faoi Alt 115A den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (arna chur isteach le halt 21 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú) 2015). Más mian le cliant a bhfuil cúnamh dlíthiúil aige nó aici achomharc a dhéanamh in aghaidh diúltú ordú a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, na Cúirte Achomhairc nó na Cúirte Uachtaraí de réir mar is cuí, nó a leithéid d’achomharc in aghaidh ordú a dhéanamh a chosaint, chun iarratas a dhéanamh ar leasú ar an deimhniú (nó iarratas ar dheimhniú i gcás nach raibh cúnamh dlíthiúil ag an duine sin san éisteacht bhunaidh) féadfar é sin a dhéanamh tríd an bpost chuig Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36, DX 166 004 CATHAIR SAIDHBHÍN, nó trí ríomhphost chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie.

21. Tagraíonn na hailt seo a leanas le seirbhísí Aturnae Comhairliúchán agus Aturnae ar Dualgas faoin Scéim. Baineann nósanna imeachta difriúla leis an tSeirbhís Athbhreithnithe PIA - féach thíos faoi "Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlíthiúil".

22 Ba cheart d’aturnaetha a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de fhreagracht ar an oifig SBCA a atreoraíonn duine incháilitheacht an té sin i leith na Scéime nó i leith aon eilimint de a fhíorú agus nach gá don aturnae é sin a dhéanamh. Ní mór don aturnae a chur in iúl don oifig SBCA a atreoraigh an duine agus/nó don Bhord má thugann sé nó sí aon ní faoi deara a chuirfeadh amhras air nó uirthi faoi incháilitheacht an duine i leith na Scéime. Maidir le hiarratais ar Athbhreithniú ar Shocruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIA), ba cheart d’aturnaetha a thabhairt faoi deara go ndéanfaidh Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIP) fíorú ar incháilitheacht duine i leith na Scéime.

23. Déanfaidh daoine atá ag iarraidh seirbhísí faoin Scéim seo (seachas Seirbhís Dlí Athbhreithniú PIA) teagmháil ar dtús le ceann de na hoifigí SBCA. Gheobhaidh foireann SBCA amach ar dtús an bhfuil an duine i dteideal seirbhísí a fháil faoin Scéim. Má aithnítear go bhfuil an duine i dteideal seirbhísí a fháil, tabharfaidh SBCA uimhir thagartha don té sin faoin Scéim agus déanfar cinneadh ar cheart an duine a atreorú chuig saineolaí tiomnaithe SBCA um riaráistí morgáiste, chuig cuntasóirí ón bpainéal a bunaíodh faoin scéim, nó chuig Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIP) ó phainéal na PIPeanna a bunaíodh faoin Scéim chun sainchomhairle airgeadais a fháil. Ullmhóidh an té sin ('an comhairleoir airgeadais') Ráiteas Airgeadais Forordaithe/Caighdeánach agus cuirfidh comhairle airgeadais ar fáil i scríbhinn don iasachtaí ar na roghanna is fearr dar leis nó dar léi le bheith sócmhainneach arís, más féidir, ach fós ag fanacht sa teach nó san áitreabh.

24. Chomh luath agus a bheidh an Ráiteas Airgeadais Forordaithe/Caighdeánach agus an chomhairle airgeadais i scríbhinn ar fáil, déanfaidh an oifig SBCA a rinne an té sin a atreorú cinneadh an bhfuil comhairle dlí ag teastáil uaidh nó uaithi. Má chinneann an oifig SBCA go bhfuil comhairle dlí ag teastáil, eiseoidh an oifig dearbhán comhairle dlí dó nó di (Aguisín 4) ina ndeimhneofar incháilitheacht an té sin faoin Scéim i leith seirbhísí aturnae comhairliúcháin agus (faoi réir alt 32 thíos) seirbhísí aturnae ar dualgas ón bPainéal atá curtha ar an uainchlár don ionad Cúirte Cuarda ábhartha. Tabharfaidh SBCA liosta aturnaetha atá ar Phainéal na nAturnaetha Comhairliúcháin don duine agus roghnóidh an té sin aturnae ón liosta.

25. Cuirfidh an oifig SBCA nó an duine féin in iúl don aturnae comhairliúcháin faoi eisiúint an dearbháin agus soláthróidh na nithe seo a leanas dó nó di:

• dhá chóip den dearbhán ina léireofar uimhir thagartha an duine faoin Scéim, a (h)ainm, agus seoladh príomháit chónaithe an duine (atá i mbaol athshealbhaithe), ..

  • an Ráiteas Airgeadais Forordaithe/Caighdeánach arna ullmhú ag an gcomhairleoir airgeadais,
  • cóip den chomhairle airgeadais a chuir an comhairleoir airgeadais ar fáil i scríbhinn don iasachtaí, .. cóip de thoilleadh an iasachtaí a c(h)omhad a roinnt, 
  • Foirm Éilimh (le fáil in Aguisín 2) ar cheart uimhir na Scéime agus uimhir aitheantais an dearbháin a chur isteach. Ag an am céanna tabharfaidh oifig SBCA fógra don Bhord go bhfuil dearbhán eisithe agus déanfar cóip de a chur ar aghaidh chuig an mBord ar a mbeidh ainm, seoladh, uimhir Scéime an duine atá i gceist agus uimhir aitheantais an dearbháin.

26. Beidh an dearbhán bailí ar feadh trí mhí i ndiaidh an dáta ar eisíodh é. Má thagann duine i láthair le haghaidh seirbhís chomhairliúcháin le haturnae agus dearbhán aige nó aici a eisíodh níos mó ná trí mhí roimh dháta an chomhairliúcháin, is dócha go mbeidh an ráiteas airgeadais as dáta; ba cheart an dearbhán a chur ar ais chuig an oifig SBCA a rinne an t-atreorú bunaidh agus go molfaí don duine filleadh ar an oifig sin.

27. Tabharfaidh an dearbhán ar a bhfuil uimhir na Scéime údarás don aturnae chun comhairle dlí a sholáthar don chliant faoi Sheirbhís Chomhairliúcháin Aturnae mar atá sonraithe in alt 28. Coinneoidh an t-aturnae cóip amháin den dearbhán i gcomhad an chliaint. Déanfar an dara cóip den dearbhán a cheangal leis an bhFoirm Éilimh i gcomhair íocaíocht na táille.

28. Áireofar leis an tseirbhís atá le soláthar (comhairle dlí neamhspleách ar roghanna is fearr don iasachtaí chun réiteach inbhuanaithe a fháil ar na riaráistí morgáiste ar a (h)áit chónaithe), ach ní bheidh sí teoranta do: .

• Seisiún comhairliúcháin a eagrú i gcomhairle leis an gcliant agus na treoracha a ghlacadh;

• Seasamh dlíthiúil an iasachtaí a sheiceáil;

• Rudaí míniú go soiléir don iasachtaí agus a c(h)eisteanna a fhreagairt,

• Comhairle a chur ar an iasachtaí faoi aon deacrachtaí dlíthiúla gaolmhara (mar shampla mura bhfuil comh-iasachtaí ag comhoibriú in iarrachtaí chun na riaráistí morgáiste a réiteach);

• Comhairle a chur ar an iasachtaí faoi aon ghnéithe dlíthiúla maidir le réitigh mhalartacha lena n-áirítear iad siúd a sonraíodh sa chomhairle i scríbhinn ón gcomhairleoir airgeadais; agus,

• Sa chás gur eisíodh imeachtaí athshealbhaithe chuig an iasachtaí, nó go bhfuil fógra tugtha go bhfuil eisiúint na n-imeachtaí sin ar feitheamh,:

o Measúnú á dhéanamh an cosúil go bhfuil cosaint bhailí dhlíthiúil ag an iasachtaí in aghaidh na n-imeachtaí sin,.

o Eolas a thabhairt don duine nach bhfuil cosaint dlí aige nó aici, ach a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as Aturnae ar Dualgas na Seirbhíse á t(h)ionlacan chun na Cúirte,. o Comhairle a chur ar an duine faoi chúnamh dlí sibhialta a iarradh, agus é sin a éascú, chun na himeachtaí a chosaint má bhíonn cosaint mhaith ag an duine sin a chomhlíonann na critéir fhiúntas faoi Alt 24 agus Alt 28 den Acht agus .

o An chomhairle dlí a thabhairt i scríbhinn a tugadh ag an gcomhairliúchán (nó ag na comhairliúcháin), agus cóip den chomhairle sin i scríbhinn a thabhairt do chomhairleoir airgeadais an iasachtaí faoin Scéim.

29. Le linn an chomhairliúcháin, féadfaidh an t-aturnae teacht ar an tuairim go bhféadfadh an t-iasachtaí leas a bhaint as cúnamh an aturnae sa chaibidlíocht faoi théarmaí chun na himeachtaí athshealbhaithe a réiteach (má bhíonn a leithéid ar siúl). Má bhíonn an cás amhlaidh féadfaidh an t-aturnae iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís Cleachtóirí Príobháideacha an Bhoird trí ríomhphost a sheoladh chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie chun údarú a fháil chun dul i mbun caibidlíochta (údarú). Tabharfaidh an t-údarú, má dheonaítear é, údarás don aturnae leanúint ar aghaidh chun comhairle dlí a sholáthar don iasachtaí sa chaibidlíocht le hiasachtóir an mhorgáiste agus, tar éis deireadh na caibidlíochta, beidh comhairliúchán deiridh aige nó aici leis an iasachtaí agus dearbhófar an chomhairle i scríbhinn. Beidh táille bhreise iníoctha nuair a eiseofar údarú agus nuair a bheidh bailchríoch curtha ar an gcaibidlíocht de bhun na hidirbheartaíochta sin. Déanfar cóip den údarú a cheangal leis an bhFoirm Éilimh nuair a bheidh an táille i leith an cháis á héileamh.

30. Ní bheidh ach táille chomhairliúcháin amháin iníoctha i leith príomháit chónaithe phríobháideach (PPR) atá i mbaol, fiú má bhíonn gach duine de na comh-úinéirí incháilithe chun comhairle a fháil faoin Scéim. Mar sin féin, má bhíonn na comh-úinéirí ina gcónaí ar leithligh agus scartha ó chéile, d’fhéadfadh dhá tháille a bheith iníoctha. Má bhíonn an cás amhlaidh, atreoraíodh an t-aturnae comhairliúcháin an dara páirtí chuig SBCA lena ligean isteach sa Scéim agus cuirfidh aturnae difriúil ar an bPainéal ó ghnólacht ar leithligh seirbhís aturnae comhairliúcháin ar fáil don duine.

31. Coinneoidh an Bord gach aturnae ar an bPainéal ar an eolas i gcónaí (trí ríomhphost) faoi uainchlár (uainchláir) na n-aturnaetha ar dualgas. Sa chás gur seirbheáladh Bille Sibhialta Aisghabhála ar dhuine agus go dtugann an duine sin le fios gur mian leis nó léi leas a bhaint as seirbhísí Aturnae ar Dualgas, seolfaidh an t-aturnae an comhad iomlán lena n-áirítear nóta d'aon chomhairle a thugadh faoin Scéim trí ríomhphost chuig an Aturnae ainmnithe ar Dualgas i gcomhair ionad na Cúirte Cuarda atá i gceist le haghaidh chéad dáta fillte eile an bhille sibhialta. Tá sé i gceist go dtabharfar foirm toilithe chun comhad a roinnt don Aturnae Comhairliúcháin agus go gcuirfidh sé/sí a c(h)omhad ar fáil d’Aturnae ar Dualgas nuair a iarrfar é.

32. Sa chás go n-éilíonn an duine cúnamh dlí sibhialta in ionad dlí agus comhairle chun imeachtaí athshealbhaithe a chosaint, agus go n-iarrann an t-ionad dlí amhlaidh, beidh an t-aturnae faoi oibleagáid an comhad go léir a chóipeáil agus a chur ar fáil don ionad dlí lena n-áirítear nóta scríofa den chomhairle dlí a thug an tAturnae Comhairliúcháin faoin Scéim.

33. Ceapfaidh an Bord uainchlár do gach ionad Cúirte Cuarda, ar a mbeidh comhaltaí an Phainéil (nó comhaltaí d’Fhophainéal na nAturnaetha ar Dualgas, de réir mar a bheidh) a bhfuil sé tugtha le fios acu go bhfuil siad sásta gníomhú mar Aturnae ar Dualgas ag an gCúirt Chuarda atá i gceist. Uainchlár daingean a bheidh ann trína ngníomhóidh duine acu mar Aturnae ar Dualgas ina s(h)eal féin ar feadh tréimhse socraithe.

34. Cuirfear comhaltaí an Phainéil um Riaráistí Morgáiste Baile ar an eolas faoi shonraí uainchlár na nAturnaetha ar Dualgas ina gcontaetha. Foilseoidh an Bord an t-uainchlár ar a láithreán gréasáin faoin gceannteideal “Aturnaetha príobháideacha agus abhcóidí".

35. Beidh ar an Aturnae ar Dualgas a bheith i láthair ag gach ionad Cúirte Cuarda sa chontae ar cibé dátaí a shuífidh an Cláraitheoir Contae chun billí sibhialta athsheilbhe a éisteacht agus beidh sé i láthair ar a laghad uair an chloig roimh an am sin a bheidh an Cláraitheoir Contae le suí.

36. Má fhaigheann aon Aturnae ar Dualgas amach nach mbeidh sé nó sí in ann a bheith i láthair sa Chúirt ag an am agus ar an dáta is gá ní mór dó nó di dul i dteagmháil leis an mBord trí ríomhphost ag solicitorspanels@legalaidboard.ie a luaithe a fhaigheann sé nó sí é sin amach le cur ar chumas an Bhoird socrú a dhéanamh chun go bhféadfaidh duine eile d’Fho-Painéal na nAturnaetha ar Dualgas gníomhú mar Aturnae ar Dualgas ar an dáta sin agus socrú a dhéanamh chun go n-aistreofar gach comhad de chuid aon chliant ábhartha nó gach comhad ábhartha chuig an Aturnae ar Dualgas a cheapfar ina (h)áit.

37. Nuair a shroicheann Aturnaetha ar Dualgas Tithe Cúirte bunóidh siad iad féin ag Deasc Faisnéise SBCA, áit a dtreorófar daoine a chuir isteach, nó ar mian leo cur isteach, ar chomhairle dlí faoin Scéim.

38. Aon duine a mbeidh comhairle faighte aige nó aici ó Aturnae Comhairliúcháin de bhun dearbhán comhairle dlí arna n-eisiúint chuige nó chuici faoi mhír 23 de na Téarmaí agus de na Coinníollacha seo, agus ar ar seirbheáladh Bille Sibhialta maidir le Seilbh air nó uirthi maidir lena p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach atá liostaithe lena n-éisteacht os comhair an Chláraitheora Contae, féadfaidh an té sin leas a bhaint as Seirbhís Aturnae ar Dualgas ar an dáta fillte. “Cosantóir dar tugadh comhairle faoin Scéim" a thugtar ar a leithéid de dhuine sna Téarmaí agus Coinníollacha agus seolfaidh an tAturnae Comhairliúcháin cóip dá c(h)omhad chuig an Aturnae ar Dualgas atá liostaithe ar an uainchlár don dáta sin.

39. Déanfaidh Aturnae ar Dualgas:

a. comhairle agus cúnamh a sholáthar i dTeach na Cúirte do Chosantóir dar tugadh comhairle faoin Scéim bunaithe ar an gcomhad a chuireann an t-aturnae comhairliúcháin ar fáil lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

  • a mhíniú go soiléir don iasachtaí a s(h)easamh dlí maidir leis na himeachtaí athshealbhaithe agus a c(h)eisteanna a fhreagairt,
  • labhairt thar ceann an iasachtaí sa Chúirt (ach gan a bheith ar taifead),
  • atráth agus/nó socrú na n-imeachtaí a iarraidh, agus

b. féadfaidh sé nó sí, a mhéid is indéanta:

  • seasamh dlíthiúil an iasachtaí a sheiceáil, agus comhairle bhreise a chur ar fáil don iasachtaí, i bhfianaise aon fhaisnéis nua a thagann chun cinn le linn suí na Cúirte.

Coinneoidh an tAturnae ar Dualgas taifead d’ainm, seoladh príomháite cónaithe príobháidí agus uimhir Scéime gach cosantóra dar tugadh comhairle faoin scéim, mar aon le hainm an Ghearánaí agus uimhir thaifid na n-imeachtaí sa bhFoirm um Shonraí Cliant mar a shonraítear in Aguisín 3 de na Téarmaí agus na Coinníollacha seo agus déanfar cóip a cheangal le haon fhoirm éilimh de réir mar is cuí.

40. Ní ceadmhach don Aturnae ar Dualgas, ar bhonn cúnaimh dhlí, dul ar taifead mar Aturnae thar ceann an Chosantóra ná dlíthíochta a stiúradh a bhaineann leis an ábhar os comhair na cúirte thar ceann an duine sin.

41. Caithfidh an tAturnae ar Dualgas a chur in iúl go soiléir don duine go bhfuil an tseirbhís á cur ar fáil i ndáil leis an dáta éisteachta reatha amháin agus:

a. i gcás go gcuirtear na himeachtaí ar atráth go bhféadfadh Aturnae ar Dualgas eile (nó gan aon Aturnae ar Dualgas) a bheith i láthair ar dháta an atrátha, agus

b. ní bheidh an tAturnae ar Dualgas in ann gníomhú i gcás go n-aistreofar an cás chuig liosta Breithimh de chuid na Cúirte Cuarda nó má dhéantar aon achomharc.

42. I gcás inar cosúil go bhfuil cosaint bhailí dhlí sna himeachtaí ag an duine, nó go dtugann sé nó sí treoir don Aturnae ar Dualgas gur mhaith leis nó léi na himeachtaí a chosaint, féadfaidh an tAturnae ar Dualgas seasamh an té sin a chur in iúl don Chúirt agus a iarraidh go gcuirfear an cás ar atráth chun go bhféadfaidh an duine iarratas a dhéanamh in ionad dlí ar chúnamh dlí sibhialta nó chun aturnae a fhostú go príobháideach, lasmuigh de raon feidhme na Scéime.

43. Is féidir leis an Aturnae ar Dualgas cúnamh níos teoranta a thabhairt do dhuine ar seirbheáladh Bille Sibhialta air nó uirthi chun seilbh a fháil ar a p(h)ríomháit chónaithe phríobháideach, a thagann os comhair na Cúirte mar fhreagra ar an mBille Sibhialta agus ar mhian leis nó léi leas a bhaint as an Scéim, ach nár chuir isteach uirthi go fóill, nó nach bhfuair dearbhán comhairle dlí go fóill, nó nár chuir aturnae comhairliúcháin comhairle air nó uirthi go fóill. Is féidir “Iarratasóir i leith na Scéime” a thabhairt ar a leithéid de dhuine sna Téarmaí agus sna Coinníollacha seo.

44. Féadfaidh an tAturnae ar Dualgas, le cead Chláraitheoir na Cúirte/an Chontae labhairt sa Chúirt thar ceann an Iarratasóra Scéime (ach gan teacht ar taifead). Ní mór don Aturnae ar Dualgas a chur in iúl go soiléir don Chúirt go bhfuil an t-iasachtaí ina (h)Iarratasóir i leith na Scéime, stádas an iarratais a chur in iúl don Chúirt agus féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh thar ceann an iasachtaí ar cibé atráth a mheasfaidh an Chúirt a bheith oiriúnach chun cabhrú leis an iasachtaí leas a bhaint as an Scéim.

45. Coinneoidh an tAturnae ar Dualgas taifead d’ainmneacha na ndaoine a chuir isteach ar an scéim ar tugadh a leithéid de chúnamh dóibh mar aon le seoltaí a bpríomháiteanna cónaithe príobháideacha agus ainmneacha na nGearánaithe agus coinneoidh taifead d’uimhir na n-imeachtaí sa bhfoirm sin a shonraítear in Aguisín 3 de na Téarmaí agus na Coinníollacha seo agus seolfar cóip de le haon fhoirm éilimh mar is cuí.

46. Más mian le duine leas a bhaint as Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí ní mór dó nó di an Fhoirm Iarratais le haghaidh Seirbhísí Dlíthiúla atá in Aguisín 6 a chomhlánú in éineacht lena C(h)leachtóir um Dhócmhainneacht Pearsanta agus í a cur ar ais chuig Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlí, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín Co. Ciarraí V23 RD36 nó trí ríomhphost chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie. Ní mór uimhir Scéime an duine a bheith san iarratas (cuirfidh an Cleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta isteach ar an uimhir sin agus gheobhaidh sé nó sí ó SBCA í sula ndéanfar an t-iarratas) mar aon le ráiteas sínithe ag an gCleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta go bhfuil forais réasúnacha ann chun iarratas a dhéanamh go ndéanfadh an Chúirt iomchuí athbhreithniú ar an Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIA) beartaithe faoi Alt 115A den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 agus deimhneoidh go bhfuil an t-iarratasóir cáilithe i leith na Scéime. Ní mór cóip den PIA beartaithe a cheangal leis an bhfoirm.

47. Déanfaidh comhalta d'fhoireann an Bhoird aighneacht le haghaidh deimhniú um chúnamh dlí, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíodh ar an bhfoirm iarratais. Déanfaidh an Bord an t-eolas san iarratas a mheas de réir a ghnáthnósanna imeachta maidir le deonú agus diúltú deimhnithe um chúnamh dlí faoi threoir na gcritéar atá san Acht um Chúnamh Dlí Sibhialta 1995.

48. Má dhiúltaíonn an Bord deimhniú um chúnamh dlí a dheonú, cuirfear é sin in iúl i scríbhinn don duine agus don Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta atá aige nó aici agus tabharfar deis dóibh a iarradh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh agus/nó achomharc a dhéanamh faoi de réir ghnáthnósanna imeachta an Bhoird.

49. Má dheonaíonn an Bord deimhniú um chúnamh dlí, féadfaidh an Bord a iarradh ar an duine agus/nó ar a C(h)leachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta (PIP) aturnae ón bPainéal a roghnú chun gníomhú thar a c(h)eann. Inseoidh an duine agus/nó a PIP don Bhord faoin aturnae atá ainmnithe acu agus cuirfidh an Bord na nithe seo a leanas ar fáil don aturnae:

• dhá chóip den deimhniú um chúnamh dlí ina léireofar ainm an duine a bhfuil cúnamh dlí deonta dó nó di agus uimhir na Scéime, cineál na n-imeachtaí atá údaraithe agus na céimeanna atá údaraithe de bhun na n-imeachtaí sin, ó thaobh an chaiteachais a bhféadfaí a thabhú ar fhinnéithe; agus

• Foirm Éilimh ar cheart uimhir na Scéime agus uimhir an deimhnithe um chúnamh dlí a iontráil uirthi. 50. Tabharfaidh an deimhniú údarás don aturnae cúnamh dlí a sholáthar don chliant faoin Scéim seo. Ba cheart don aturnae cóip amháin den deimhniú a choinneáil ar chomhad an chliaint. Ba cheart an dara cóip den deimhniú a cheangal den Fhoirm Éilimh um íocaíocht na táille agus aon chaiteachais eile, nuair a bheidh an cás críochnaithe.

51. Ní féidir seirbhísí dlí a chur ar fáil faoi Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí gan deimhniú bailí um chúnamh dlí.

52. Is ceanglas riachtanach den Scéim seo sa chás go bhfostaítear aturnae de bhun aon ní a bheidh údaraithe faoi dheimhniú um chúnamh dlí, go leanfaidh sé nó sí ar aghaidh ag cur seirbhísí ar fáil i leith an ábhair sin. Má mhainnítear é sin a dhéanamh gan cúis mhaith measfar gur foras é sin chun an té sin a bhaint den Phainéal.

53. Foráiltear le hAlt 115A (2) go ndéanfar na páipéir iarratas ar athbhreithniú Cúirte a thaisceadh tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis chruinniú na gcreidiúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (16)(a) nó, de réir mar a bheidh, tar éis don Chleachtóir um Dhócmhainneacht Phearsanta fógra an chreidiúnaí lena mbaineann faoi Alt 111A(6) (arna ionsá le hAlt 17 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta (Leasú) 2015) a fháil. Níl aon fhoráil ann faoi shíneadh ama a chur leis. Tá sé thar a bheith riachtanach go mbeidh aturnaetha ar an eolas faoin teorainn ama sin agus iad ag cur seirbhísí ar fáil.

54. Áireofar sa tseirbhís a bheidh le soláthar, ach ní bheidh sé teoranta do: a. an chéad seisiún comhairliúcháin leis an gcliant agus leis an PIP a eagrú agus treoracha a ghlacadh, b. an fógra foriarratais a dhréachtú i gcomhair ordú faoi Alt 115A(9) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 agus deimhniú an PIP faoi Alt 115A(2)(d) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012, c. ionadaíocht a dhéanamh ar an gcliant sa Chúirt, d. aon obair leantach riachtanach a dhéanamh, agus e. comhairle a chur ar an gcliant faoi na buntáistí a bhainfeadh le hachomharc a dhéanamh.

55. Foráiltear le hAlt 115A(14) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 go: "(14) Déanfaidh an chúirt, i gcás iarratais faoin Alt seo, cibé ordú eile is cuí léi, lena n-áirítear ordú maidir le costais an iarratais." Tá sé de cheangal i gcás go mbíonn rath ar an iarratas faoi Alt 115A(9) go n-iarrfaidh an t-aturnae nó an t-abhcóide ordú i bhfabhar an chliaint maidir le costais an iarratais. Lena chois sin sa chás go ndéanfar ordú den sórt sin maidir le costais i bhfabhar an chliaint, déanfaidh an t-aturnae gach beart is gá chun na costais sin a aisghabháil agus déanfaidh aon chostais a aisghabhfar a íoc leis an gCiste Cúnaimh Dhlíthiúil. Íocfaidh an Bord na costais leis an aturnae ach amháin go n-asbhainfidh sé aon íocaíochtaí a rinne an Bord leis an aturnae agus/nó leis an abhcóide agus aon chostais eile a d'íoc an Bord astu atá in-aisghabhála nó a aisghabhadh de bhun aisghabháil pháirtí, m.sh. táillí finné.

56. I gcás ina measann aturnae/gnólacht gur gá le céimeanna breise a thabhódh caiteachas chun éileamh an chliaint a phróiseáil, os cionn an caiteachais atá údaraithe ar an deimhniú, mar shampla, gur cheart tuarascáil a fháil ó dhuine gairmiúil nó gur gá le finnéithe gairmiúla nó finnéithe eile, ní mór iarratas a dhéanamh i scríbhinn ag iarraidh leasú ar an deimhniú chun caiteachas den sórt sin a thabhú.  Ba cheart go leor faisnéise a bheith in iarratas den sórt sin, go háirithe maidir le cén leas a bhainfeadh leis as caiteachas sin i leith chás an chliaint, le gurbh fhéidir cinneadh a dhéanamh agus go bhféadfadh an Bord téarmaí an Achta a chomhlíonadh agus an t-iarratas sin á bhreithniú aige.  Is féidir an t-iarratas a dhéanamh d'Aonad na gCleachtóirí Príobháideacha (féach alt 18).

57. Ní fhéadfaidh aturnae tuarascálacha a lorg, finnéithe a úsáid ná costais a thabhú ar bhealach eile ach amháin mar a údaraithe é sin de bhun deimhnithe nó deimhniú leasúcháin.  Ní bheith an Bord freagrach ach amháin as costais nó caiteachais a thabhaítear ach amháin má údaraíodh na costais sin i scríbhinn roimh ré.

58. Beidh cinnidh a dhéanann an Bord chun iarratais a dhiúltú ar fhinnéithe gairmiúla nó finnéithe saineolaí a úsáid faoi réir an athbhreithnithe ábhartha agus na n-imeachtaí sna Rialacháin um Chúnamh Dlí Sibhialta 1996 go 2013 (Rialachán 12).

59. Níl coinneáil abhcóide údaraithe faoin scéim seo ach amháin d’Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí mar a shainmhínítear i mír 20.

60.I gcás go bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil ag aturnae faoin tSeirbhís um Chúnamh Dlíthiúil maidir le Comhshocraíochtaí Dócmhainneachta Pearsanta a Athbhreithniú, féadfaidh sé nó sí a mheas, in imthosca teoranta, gur gá abhcóide a fhostú chun cuid den obair a dhéanamh.  I gcás mar sin, ní bheidh an Bord faoi dhliteanas i leith táillí an Abhcóide ach amháin i gcás go lorgaíonn an t-aturnae údarú ón mBord roimh ré chun Abhcóide a fhostú agus go ndeonaítear an t-údarú sin. Ní thabharfaidh an Bord cead Abhcóide a fhostú ach amháin i gcás go meastar go bhfuil castachtaí dlíthiúla ann a theastódh Abhcóide a bheith páirteach sa chás. Féadfaidh saincheisteanna casta a bheith i gceist:

  • I gcás go bhfuiltear tar éis Fógra Agóide a chomhdú ina thógann an Creidiúnaí Agóideach saincheisteanna dlíthiúla a theastódh seirbhísí Abhcóide chun iad a áitiú os comhair na cúirte; nó
  • I gcás go bhfuil cúinsí eisceachtúla eile i gceist agus go bhfuil sonraí iomlána na gcúinsí sin curtha ar fáil ag an aturnae.

I ngach cás, is gá go leagann an t-aturnae amach go soiléir na cúiseanna a mheastar go bhfuil gá le habhcóide agus déanfar cinneadh bunaithe ar an iarratas arna dhéanamh ag an oifigeach údaraithe iomchuí. Ba cheart cúiseanna mar seo a leagan amach i scríbhinn nó i ríomhphost chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie nó Seirbhísí Dlí, An Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, V23 RD36.

61. Caithfidh an t-abhcóide a áiritheofar sa chaoi sin a bheith ar Phainéal Abhcóidí an Bhoird agus is iad na táillí a údarófar le híoc ná táillí caighdeánacha an Bhoird d’Abhcóide maidir le himeachtaí sa Chúirt Chuarda (nó san Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh) de réir Téarmaí agus Coinníollacha an Bhoird maidir le Coinneáil Abhcóide in Imeachtaí Athbhreithnithe PIA. Ní mór don aturnae a dhearbhú ar fhoirm éilimh an abhcóide gurb ionann na seirbhísí a soláthraíodh agus iad siúd atá á n-éileamh ag an abhcóide.

62. Is den riachtanas é nuair a thugtar mionteagasc d’abhcóide, go mbeidh an t-aturnae sásta go bhfuil an taithí agus an oiliúint is gá ag an abhcóide chun an obair a dhéanamh de réir riachtanais na scéime agus freisin go dtugtar an mionteagasc in am trátha don abhcóide agus go gcuirtear gach faisnéis a bhaineann le cás an iarratasóra ar fáil ar bhealach tráthúil. Bíonn an t-aturnae freagrach i gcónaí as caighdeán na seirbhíse dlí agus ionadaíochta a chuirtear ar fáil.

63. Má mheasann an t-aturnae go bhfuil seirbhísí abhcóide sinsearaigh riachtanach, ní bheidh an Bord faoi dhliteanas táillí aon abhcóide ach amháin sa chás go lorgaíonn agus go bhfaigheann an t-aturnae údarú ón mBord ar dtús chun abhcóide sinsearach a fhostú. Beidh ar an aturnae a leagan amach go soiléir na cúiseanna a mheasann sé nó sí go bhfuil abhcóide sinsearach riachtanach. Ba cheart na cúiseanna sin a leagan amach i gcomhfhreagras nó trí ríomhphost chuig solicitorspanels@legalaidboard.ie, Seirbhís na gCleachtóirí Príobháideacha, An Bord um Chúnamh Dlí, Sráid an Chalaidh, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí V23 RD36. DX 166004 CATHAIR SAIDHBHÍN

64. Táthar ag súil go ngníomhóidh aturnaetha/ghnólachtaí ar dhóigh muiníneach i leith gach cliaint atá ag fáil cúnamh dlí.

65. Tá an Bord tiomanta do sheirbhís dlí ardcháilíochta a sholáthar dá chliaint agus féadfaidh sé treoirlínte a thabhairt ó am go ham d’aturnaetha ar an bPainéal um Riaráistí Morgáiste Baile maidir leis an gcur chuige atá le glacadh is iad ag déileáil le hábhair atá laistigh de raon feidhme na Scéime seo. Féadfaidh an Bord Treoirlínte Dea-chleachtais a eisiúint faoi seo. Táthar ag súil go leanfaidh aturnaetha ar an bPainéal na Treoirlínte sin tríd is tríd i gcónaí.

66. Cuirfidh aturnae ar an bPainéal aon fhaisnéis ar fáil don Bhord a bhaineann le duine atá ag fáil seirbhísí dlíthiúla agus atá riachtanach don Bhord le cur ar a chumas a fheidhmeanna faoin Acht a chomhlíonadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de cheithre lá dhéag ón am a dhéanfar a leithéid d’iarratas. Coinneoidh aturnaetha comhaid daoine ar feadh tréimhse sé bliana ón dáta ar cuireadh na seirbhísí i gcrích.

67. Mar chuid dá dtiomantas a chinntiú go gcuirtear seirbhís ardchaighdeáin ar fáil dá cliaint, déanfaidh an Bord athbhreithniú/iniúchadh ar roinnt comhad lena dheimhniú dó féin go bhfuil leibhéal cuí seirbhíse á sholáthar ag an aturnae atá ar an bPainéal. Sa chás go n-aithnítear ábhair imní san athbhreithniú/iniúchadh maidir le soláthar seirbhíse dlí, féadfaidh an Bord aon cheann nó gach ceann de chomhaid na gcliant a sannadh don aturnae sin a iniúchadh. Ní mór nótaí a choinneáil ar chomhad maidir le gach comhairliúcháin agus glao gutháin le cliaint agus ní mór na nótaí sin a bheith soléite agus ba é an rud ar fearr ar fad ná iad a bheith clóscríofa.

68. Gearáin

Foráiltear mar a leanas le hAlt 31 (4) den Acht:

“ I ndiaidh do dhuine ar chinn an Bord cúnamh dlí nó comhairle a dheonú dó/di -

(a) glacadh le hainmniúchán aturnae nó aturnae a roghnaíodh ó phainéal na n-aturnaetha de bhun fo-alt (1) nó seirbhísí aturnae a bheith deonaithe dó/di den bhun iarratais faoi fho-alt (3), nó

(a) glacadh le hainmniúchán abhcóide de bhun fo-alt (2) nó seirbhísí abhcóide a bheith deonaithe dó/di den bhun iarratais faoi fho-alt (3), nó

féadfaidh an duine iarratas a dhéanamh don Bhord chun seirbhísí an aturnae nó an abhcóide sin a bheith ligthe thar ceal agus seirbhísí aturnae eile de chuid an Bhoird nó seirbhísí aturnae ó phainéal na n-aturnaetha nó, de réir mar is iomchuí, abhcóide ó phainéal na n-abhcóidí a fhail maidir leis an ábhar agus i gcás ina measann an Bord é sin a bheith réasúnta sna himthosca go léir, féadfaidh sé an t-iarratas a cheadú.

Má dhéanann cliant gearán le haturnae/gnólacht maidir lena f(h)eidhmíocht/bhfeidhmíocht agus nach féidir an gearán sin a réiteach chun shástacht an chliaint, ba cheart a iarraidh ar an gcliant an gearán a chur i scríbhinn agus ba cheart an gearán a chur ar aghaidh chuig an mBord.  Má fhaigheann an Bord gearán ón gcliant nó má aithníonn an Bord fadhb feidhmíochta, cuirfear cóip den ghearán nó nóta maidir leis an bhfadhb feidhmíochta ar aghaidh chuig an aturnae/gnólacht lena t(h)uairimí/dtuairimí a fhail.  Déanfaidh an Bord an gearán/fadhb feidhmíochta a mheas de réir na bileoige eolais dar teideal "Nós Imeachta le Gearáin a Dhéanamh um Chúram Custaiméirí”, agus chomh maith leis sin de réir na dtéarmaí agus coinníollacha atá anseo istigh, lena n-áirítear na haguisíní i gceangal leis seo.

69. Eisiamh/Baint/Aistarraingt Den Phainéal

Féadfaidh an Bord aturnae/gnólacht a bhaint den Phainéal nó a chur ar fionraí ón bPainéal má mheasann sé:

  • go bhfágann iompar gairmiúil an aturnae, agus é/í ag cur seirbhísí dlí ar fáil, go bhfuil sé, sí nó siad mí-oiriúnach, i dtuairim an Bhoird, chun na seirbhísí sin a sholáthar; nó
  • nár chomhlíon an t-aturnae/gnólacht na Téarmaí agus Coinníollacha seo; nó
  • nach bhfuil páirt glactha sa Scéim ag an aturnae/gnólacht go leibhéal sásúil, lena n-airítear é/í a dhiúltú ar bhonn rialta glacadh mar chliant le duine atá ag fáil cúnamh dlí nó comhairle dlí cuí nó cúnamh dlí cuí a thabhairt do chliant; nó
  • go bhfuil riocht míochaine ar an aturnae a d'fhágfadh go mbeadh sé nó sí mí-oiriúnach chun an tseirbhís is gá a chur ar fáil.  Forchoimeádann an Bord an ceart chun fianaise liachta a éileamh ó aturnae nó chun aturnae a atreorú chuig liachleachtóir lena (h)oiriúnacht a dheimhniú maidir leis sin.
  • Más rud é gur sannadh an t-aturnae le freastal mar aturnae ar dualgas ag aon liosta cúirte faoi leith agus má loiceann sé nó sí déanamh amhlaidh nó má mhainníonn sé nó sí dul i dteagmháil leis an mBord in am cuí chun socrú a dhéanamh chun duine a fháil ina (h)áit ó uainchlár na n-aturnaetha ar dualgas.

70. Má dhéanann an Bord cinneadh aturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal, cuirfear forais an chinnidh sin in iúl i scríbhinn don aturnae sin.  Féadfaidh an t-aturnae, laistigh de mhí amháin ó dháta an fhógra, achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta/Bainisteoir Réigiúnach an Bhoird, agus forais iomlána an achomhairc a leagan amach.  Féadfaidh an Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta/Bainisteoir Réigiúnach an Bhoird aturnae a athbhunú, má tá sé/sí sásta go ndéantar cás chun an t-aturnae sin a athbhunú ar an bPainéal.  Ní fheidhmeoidh achomharc ar bith chun moill nó stop a chur le haturnae a chur ar fionraí nó a bhaint den Phainéal, ach amháin i gcás go gcinneann an Stiúrthóir um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta/Bainisteoir Réigiúnach a mhalairt.

71. Ní mór d'aturnaetha/ghnólachtaí ar mian leo tarraingt siar ón bPainéal fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhord, maidir lena rún chun tarraingt siar.  Tabharfaidh aturnaetha/gnólachtaí fógra míosa maidir le rún chun tarraingt siar ón bPainéal.  Ní mór d-aturnaetha a tharraingíonn siar ón bPainéal iad a chur chun críche gach cás a bhí atreoraithe chucu agus atá fós le réiteach.

72. Ní mór d'aturnaetha/ghnólachtaí ar mian leo tarraingt siar ón bPainéal fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhord, maidir lena rún chun tarraingt siar. Tabharfaidh aturnaetha/gnólachtaí fógra míosa maidir le rún chun tarraingt siar ón bPainéal. Ní mór d-aturnaetha a tharraingíonn siar ón bPainéal iad a chur chun críche gach cás a bhí atreoraithe chucu agus atá fós le réiteach.

73. Is í an Fhoirm Éilimh (in Aguisín 2) an doiciméad trína ndéanfaidh an t-aturnae an táille chuí agus aon eisíocaíocht údaraithe a éileamh. Ba cheart cúram a ghlacadh i gcomhlíonadh na Foirme sin, mar seolfar ar ais foirmeacha éilimh neamhiomlána agus foirmeacha atá comhlánaithe go míchuí gan aon íocaíocht. Ba cheart go mbeadh aturnaetha an-chúramach agus a áirithiú go bhfuil na táillí a éilíonn siad iníoctha go cuí agus go bhfuil teidlíocht ann de bhun na dtéarmaí agus na gcoinníollacha i leith gach uile mhéid a éilítear.

74. Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur in éineacht leis an bhFoirm Éilimh:

a. Cóip den dearbhán más rud é gur cuireadh na seirbhísí ar fáil faoin tSeirbhís Chomhairleach Aturnae.

b. An Fhoirm um Shonraí Cliaint (atá in Aguisín 3 de na Téarmaí agus na Coinníollacha) más rud é gur cuireadh na seirbhísí ar fáil faoi Sheirbhís Aturnae ar Dualgas

c. Cóip den deimhniú um chúnamh dlí más rud é gur cuireadh na seirbhísí ar fáil faoi Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí.

75. Ba cheart Foirm Éilimh chomhlánaithe, mar aon le cóip shínithe den dearbhán, an Fhoirm um Shonraí Cliaint, nó Teastas, de réir mar a bheidh, a sheoladh ar ais chuig an mBord:

a. I gcás inar cuireadh na seirbhísí ar fáil faoin tSeirbhís Chomhairleach Aturnae, nuair a bheidh an chomhairle chomhairliúcháin thart.

b. I gcás inar cuireadh na seirbhísí ar fáil faoin tSeirbhís um Aturnae ar Dualgas, nuair a bheidh an t-aturnae tar éis éirí as gníomhú mar Aturnae ar Dualgas don tréimhse cheaptha.

c. Más rud é gur cuireadh na seirbhísí ar fáil faoi Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí, nuair a bheidh na seirbhísí a sonraíodh sa deimhniú curtha ar fáil agus go bhfuil an cás cinnte go dtí an pointe sin ina mbíonn táille iníoctha.

76. Measfar go mbeidh cás maidir le hAthbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí cinnte go dtí an pointe sin ina mbíonn táille iníoctha nuair a dhéanann Cúirt ordú, nó diúltaíonn ordú a dhéanamh, de réir mar a bheidh, faoi Alt 115A(9) den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012 nó in aon achomharc i gcoinne cinnidh a rinneadh faoin bhfo-alt sin.

77. Ní ceart aon táillí a ghearradh ar dhaoine a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil dóibh agus ní ceart a iarradh orthu íoc as aon táillí, speansais, costais ná caiteachas, ach amháin de réir cibé treoracha sonracha a bheidh eisithe i scríbhinn ó am go ham ag an mBord. Má thairgeann duine a bhfuil cúnamh dlí aige nó aici airgead breise a íoc le haturnae as seirbhísí breise maidir lena c(h)ás ní mór don aturnae diúltú glacadh le haon airgead breise den sórt sin. Ina theannta sin, ní ceart a iarraidh ar dhaoine a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil dóibh gealltanais a shíniú chun íoc as seirbhísí breise. Má iarrtar nó má ghlactar le táillí breise, speansais, costais nó caiteachas nó má lorgaítear gealltanais chun íoc as seirbhísí breise, foras a bheidh ansin chun aturnae a bhaint láithreach den Phainéal.

78. Beidh scála caighdeánach táillí (atá leagtha amach i Sceideal 1 thíos) iníoctha in aghaidh an cháis le haturnaetha ar an bPainéal as seirbhísí a sholáthar.

79. Déanfar aturnaetha ar an bPainéal a sholáthraíonn seirbhísí faoi Athbhreithniú PIA na Seirbhíse um Chúnamh Dlí freagrach as eisíocaíocht aon lón aistir is gá lena chinntiú go mbeidh finnéithe i láthair, ach beidh sé nó sí i dteideal aisíocaíocht a fháil ar aon chaiteachas údaraithe de bhun an deimhnithe nó de bhun aon leasú air. Má tharlaíonn sé go mbíonn sé riachtanach táille a íoc as seirbhísí gairmiúla a údaraíodh de bhun an deimhnithe nó de bhun leasú a rinneadh air, sula gcinntear cás, féadfar Foirm Éilimh Eatramhaigh mar aon le nóta bunaidh na táille a sheoladh isteach chuig an mBord. Déanfaidh an Bord an táille a íoc go díreach leis an duine nó leis an gcomhlacht iomchuí agus cuirfear an t-aturnae ar an eolas nuair a bheidh an íocaíocht déanta.

80. Bíonn táille chuimsitheach amháin ann, ach gan CBL san áireamh, maidir le Seirbhís Chomhairleach Aturnae agus Seirbhís Aturnae ar Dualgas a chur ar fáil. Ní íocfar eisíocaíocht, costais, ná aon táille eile sa bhreis ar an táille cás, nó ráta lae nó leathlae aturnae ar dualgas, de réir mar is infheidhme, le haturnaetha a chuireann seirbhísí ar fáil faoin tSeirbhís Chomhairliúcháin Aturnae nó faoin tSeirbhís Aturnaetha ar Dualgas.

81. Ní bheidh costais taistil ná cothabhála iníoctha de bhun na Scéime seo. Ní mór d’aturnaetha aird a thabhairt ar an bhforáil seo nuair luann siad na réimsí sin ina bhfuil siad toilteanach seirbhísí a sholáthar.

82. Ní chruthóidh aon ní sna Téarmaí agus na Coinníollacha seo, agus ní thabharfar forléiriú ar aon ní iontu a thabharfadh le fios go bhfuil, caidreamh fostóra agus fostaí idir an Bord agus aon aturnae atá ar an bPainéal.

Táillí le haghaidh seirbhísí an   Phainéil Aturnaetha -

Táille le haghaidh aturnae

Seirbhís Comhairliúcháin   Aturnae

Táille in aghaidh an   comhairliúcháin (lena n-áirítear an obair leantach go léir agus comhad cliant   a thabhairt don aturnae ar dualgas nuair is infheidhme

Táille bhreise sa chás go   n-eisítear údarú dul i mbun caibidlíochta leis an iasachtóir (lena n-áirítear   comhairliúchán amháin breise agus an obair leantach)

               €250

               €200

Seirbhís Aturnae ar Dualgas

Táille Leathlae

Táille lae iomláin

Tá an táille seo   "cuimsitheach" agus íoctar í beag beann ar líon na ndaoine ar   tugadh cúnamh dóibh.  Bímid ag súil go mbeidh an t-aturnae i   bhfoirgneamh na Cúirte uair an chloig sula mbeidh an liosta le tosú agus go   bhfanfaidh sé nó sí ansin go dtí go mbeidh gach rud diúscartha

€250

€350

Athbhreithniú PIA na Seirbhíse   um Chúnamh Dlíthiúil

Táille cháis nuair a théann an   cás ar aghaidh go héisteacht iomlán:- cuimseoidh an táille sin an obair go   léir a rinne sé nó sí maidir ar an gcás, lena n-áirítear de réir mar is cuí   obair chomhairliúcháin, obair ullmhúcháin, idirbheartaíocht maidir le   réiteach agus/nó bheith i láthair sa chúirt le haghaidh éisteacht iomlán nó i   gcomhair nithe teagmhasacha a bhaineann leis.

An Chúirt Chuarda

An Ard-Chúirt

         

 

 

€2,850

€3,250

Athbhreithniú PIA na Seirbhíse   um Chúnamh Dlíthiúil

Táille cháis nuair a théann an   cás ar aghaidh go héisteacht iomlán agus go mbaineann cás den chineál céanna   (céile/páirtí) leis an bpríomháit chónaithe phríobháideach chéanna:- chun an obair go léir a   rinne sé nó sí a chuimsiú mar is cuí maidir le cás an chéile nó an pháirtí -   obair chomhairliúcháin, obair ullmhúcháin, idirbheartaíocht le teacht ar   réiteach agus/nó bheith i láthair sa chúirt le haghaidh éisteacht iomlán nó i   gcóir nithe teagmhasacha a bhaineann leis.

An Chúirt Chuarda

An Ard-Chúirt

€285

€325

Athbhreithniú PIA na Seirbhíse   um Chúnamh Dlíthiúil

Táille cáis i gcás nach ndéantar Fógra Agóide a chomhdú:- chun an obair ar fad a dhéanann sé/sí maidir leis an gcás a chumhdach, lena n-áirítear de réir mar is cuí, comhairliúcháin, réamhobair, idirbheartaíochtaí socraíochta agus/nó láithris i gcúirt a ghabhann leis, agus lena n-áirítear, an éisteacht iomlán. 

An Chúirt Chuarda

An Ard-Chúirt

 

 

 

 €1,900

€2,167

Athbhreithniú PIA na Seirbhíse   um Chúnamh Dlíthiúil

Táille cáis i gcás go mbaineann an cás le cás eile dá shamhail sin (céad chéile/ pháirtí)nuair a bhfuil an Phríomháit Chónaithe Phríobháideach i gceist agus nach ndéantar Fógra Agóide a chomhdú:- chun an obair ar fad a dhéanann sé/sí maidir le cás an dara céile/páirtí a chumhdach, lena n-áirítear de réir mar is cuí, comhairliúcháin, réamhobair agus/nó láithris i gcúirt.  

An Chúirt Chuarda

An Ard-Chúirt

            

 

 

 

€190

€217

ATHBHREITHNIÚ PIA NA SEIRBHÍSE   UM CHÚNAMH DLÍTHIÚIL

Beidh na táillí a bheidh   iníoctha le haghaidh achomharc in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte nó na   Chúirte Uachtaraí ar aon dul leis na táillí atá iníoctha i gcúirt dlínse   bhunaidh.